Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ansan d’ḟéaċ Íosa air, agus ṫug sé gráḋ ḋó, agus duḃairt sé leis: Tá aon níḋ aṁain i n-easnaṁ ort: imṫiġ agus díol a ḃfuil agat agus taḃair dos na boċtaiḃ é, agus beiḋ saiḋḃreas ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus dʼḟéaċ Íosa air, ṫug sé gráḋ dó, agus duḃairt leis: Tá tú i n-easbaiḋ aon níḋ aṁáin: imṫiġ, díol a ḃfuil agat agus taḃair do na boċta é, agus béiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar, lean mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Aċd ar ḃféuċain Díosa air, tug sé graḋ ḋó, agus a duḃairt sé ris, A tá én ní duireasḃuiḋ ort: imṫiġ, reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċdaiḃ, agus do ġéuḃa tú cisde ar neaṁ: agus tárr, tóg do ċros, agus lean misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:21
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Duḃairt Íosa leis: Má’s maiṫ leat ḃeiṫ beaċt, imṫiġ agus díol amaċ a ḃfuil agat, agus taḃair dos na boċtaiḃ, agus beiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise.


Agus do ċuir an ċaint sin buairt ar an nduine, agus d’imṫiġ sé fé ḃrón; mar duine ab eaḋ é go raiḃ a lán saiḋḃris aige.


Agus ġlaoiḋ sé ċuige na daoine agus a ḋeisgiobuil i n-aonḟeaċt, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanṁaint, séanaḋ sé é féin, agus glacaḋ sé ċuige a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ agus tugaiḋ déirc uaiḃ; deiniḋ daoiḃ féin sparáin ná críonfaiḋ, stór ins na flaṫais ná caillfiḋ oraiḃ; ná guidfiḋ biṫeaṁnaċ uaiḃ; ná millfiḋ leóṁan oraiḃ.


Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.


Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus nuair a ṫáinig sé i gcóṁgar agus ċonaic sé an ċaṫair do ġoil sé ar a son, agus duḃairt sé:


Agus duḃairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.


Má ḟrioṫálann duine mise, leanaḋ sé mé; agus an áit i n-a ḃfuilim-se is ann a ḃeiḋ an t-é a ḟrioṫálfaiḋ. Má ḋeineann duine frioṫálaṁ orm-sa taḃarfaiḋ m’Aṫair onóir dó.


Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ síoṫċain agaiḃ ionam-sa. Beiḋ trioblóid sa tsaoġal agaiḃ; aċ glacaiḋ misneaċ, tá buaiḋte agam-sa ar an saoġal.


Do ḋíolaidís amaċ a sealḃas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuiḋin go léir fé mar a ḃíoḋ gáḋ ag aoinne leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ