Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus ċuaiḋ sé amaċ ar an mbóṫar, agus do riṫ duine ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad a ḋéanfad ionus go mbeaḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus nuair a ċuaiḋ sé amaċ ar an ḃóṫar, riṫ duine áiriṫe roiṁe, ċrom a ġlún ós a ċóṁair, agus dʼḟiafruiġ de: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad é ḋéanfas mé ċun go ḃfaġainn an ḃeaṫa ṡíorraiḋe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do ċúaiḋ sé a maċ ar a tsliġiḋ, do riṫ óglaċ ċuige, agus do léig sé ar a ġlúiniḃ ḋó é, agus do ḟíafruiġ sé ḋe, A Ṁaiġisdir ṁaiṫ, Créd do ḋéuna mé do ċum go ḃfuiġinn an ḃeaṫa ṁarṫanaċ doiġreaċd?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:17
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ṫánadar go dtí an sluaġ, do ṫáinig ċuige duine agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair: A Ṫiġearna, ar seisean, dein trócaire ar mo ṁac; mar tá sé ’n-a ġeilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic.


Ansan déarfaiḋ an Rí leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ḋeis: Téanaiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe le m’Aṫair, agus sealḃuiġiḋ an ríġeaċt atá ollaṁ daoiḃ ó ċruiṫniú an doṁain:


Agus d’imṫiġeadar amaċ go tapaiḋ ó’n uaiġ, agus ḃi eagla mór orṫa agus áṫas mór, agus iad ag ruiṫ ċun an sgéil a ḋ’innsint dos na deisgiobuil.


Agus ṫáinig ċuige loḃar, ’ġá ġuiḋe, agus d’úṁluiġ sé ḋó agus duḃairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ.


Agus duḃairt Íosa leis: Cad ċuige ḋuit maiṫ do ṫaḃairt orm? Ní maiṫ aoinne aċ Dia aṁáin.


Agus ṫánadar ċuige agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féaċann tú ċun gnúise aon duine, aċ slíġ Dé do múineaḋ do reir fírinne. An dleaġṫaċ cíos a ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? An dtaḃarfam é nó an gcoimeádfam é?


Agus do sgread sé, agus d’oibriġ sé é go h-ana-ḋian, agus d’imṫiġ sé amaċ as; agus ḃí sé mar a ḃeaḋ sé marḃ, i dtreó go nduḃairt a lán: Tá sé marḃ.


Agus féaċ, d’eiriġ fear dliġe ċun triail a ḃaint as, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, cad tá le déanaṁ agam ċun na beaṫa sióruiḋe do ṡealḃú?


Ṫáinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oiḋċe, agus duḃairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Ḋia a ṫáinís ad’ oide, mar ní ḟéadfaḋ aon duine na mírḃúiltí a ḋeineann tusa do ḋéanaṁ gan Dia ḃeiṫ leis.


Cuardaiġtear na scriptiúirí, óir is dóiġ liḃ gur ionta atá beaṫa ṡíoruiḋe le faġáil; agus isiad san a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ-sa.


Agus sidé toil m’ Aṫar, a ċuir uaiḋ me, gaċ duine a ċionn an Mac agus a ċreideann ann, an ḃeaṫa ṡíoruiḋe ḃeiṫ aige agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ.


Agus ṫug sé leis amaċ iad agus dúḃairt sé: A Ṫiġearnaí, cad ’tá le déanaṁ agam ionus go saorfí me?


Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig aiṫreaċas orṫa agus duḃradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A ḟeara, a ḃráiṫre, cad tá le déanaṁ againn?


Agus anois tugaim suas do Ḋia siḃ agus do ḃriaṫar a ġrásta, ó’s ar a ċumas atá an obair do ċríoċnú agus an oiġreaċt a ṫaḃairt daoiḃ ameasg na naoṁ go léir.


Agus duḃairt seisean agus é ag criṫ le h-uaṫḃás: A Ṫiġearna, cad is toil leat a ḋéanfainn?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ