Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ċonaic Íosa iad, agus ġlac sé díombáḋ, agus duḃairt sé leó: Leigiḋ ċúġam na leanḃaí, agus ná bíḋiḋ ġá gcosg, óir is d’á leiṫéidí sin flaṫas Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus nuair a ċonnaic Íosa iad, ḃí sé mí-ṡásta, agus duḃairt leo: Leigigiḋ do na leinḃ teaċt ċugam-sa, agus ná cuirigiḋ cosc orṫa: óir is le n-a leiṫéidí sin ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt nuair ṫug Íosa fá deara sin, do ḃí míċéadfaḋ aige orṫa, agus aduḃairt sé leo, Leigiḋ do na leanḃaiḃ beaga teaċt ċugam‐sa; ná cuireaḋ cosc leo: óir is le n‐a leiṫéidiḃ‐sin ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:14
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tugaiḋ aire gan neaṁṡuím a ḋéanaṁ d’aoinne de’n ṁuintir ḃeag san, mar deirim liḃ go ḃfuil raḋarc do ṡíor agá n-aingealaiḃ sin ins na flaṫais, ar ġnúis m’Aṫar-sa, atá ins na flaṫais.


An t-é d’á ḃríġ sin, d’ísleóċaiḋ é féin ar nós an leinḃ ḃig sin, siné is mó i ríġeaċt na ḃflaṫas.


Aċ duḃairt Íosa leó: Leigiḋ ċúġam an ṁuintir ḃeag, agus ná coisgiḋ iad; óir is le n-a leiṫéidí sin ríġeaċt na ḃflaṫas.


Is aoiḃinn do’n ṁuintir a ḋ’ḟuilingeann cráḋ ar son fióraontaċta, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas.


Is aoiḃinn dos na boċtaiḃ sa spioraid, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas.


Agus d’ḟéaċ sé ’n-a ṫímpal orṫa go feargaċ, agus ḃí brón air mar ġeall ar an gcroiḋe ḃeiṫ ċóṁ dall acu, agus duḃairt sé leis an ḃfear: Sin do láṁ. Do ṡín; agus ḃí an láṁ leiġiste.


Aċ d’iompuiġ seisean agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobulaiḃ, agus do laḃair sé go bagarṫaċ le Peadar, agus duḃairt sé: Imṫiġ lastiar díom, a Ṡátain, óir ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia is mian leat, aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine.


Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin deiṁin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó ríġeaċt Dé a d’ḟeisgint.


Duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin adeirim leat, mura n-aiṫġeintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naoṁ, ní féidir é ḋul isteaċ i ríġeaċt Dé.


Óir is daoiḃse agus d’ḃúr slioċt an ġeallaṁaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaoḋfaiḋ ár d-Tiġearna Dia.


Is siḃse clann na ḃfáiḋ agus clann na connarṫa a ḋein Dia le n-ár n-aiṫreaċaiḃ nuair a duḃairt sé le h-Áḃraham: “Agus ad ṡíolsa iseaḋ do beannófar clanna an doṁain go léir.”


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ