Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus duḃairt sé leó: Téiġmís isteaċ ins na sráidiḃ agus ins na bailtiḃ beaga atá i n-ár gcóṁgar go ndeinead craoḃsgaoileaḋ ionta, óir is ċuige sin a ṫánag.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus deir seisean leo: Téiġimís isteaċ i mbailte agus i gcaṫraċa na cóṁarsanaċta go ndéanaiḋ mé seanmóireaċt annsin fosta: óir is fá n-a ċoinne sin a ṫáinic mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus aduḃairt sé leo, Téiġimís as so isteaċ ins na bailtiḃ beaga atá ’n‐ár n‐aice go ndéanad seanmóir annsin, leis; óir ċuige seo is eaḋ ṫánag.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtiḃ beaga so láiṁ rinn, do ċum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is ċuige so ṫáínic me a maċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:38
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a fuaradar é duḃradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg.


Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.


Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige go raḃaḃair ar mo lorg? Ná raiḃ ’ḟios agaiḃ náċ foláir mé ḃeiṫ ins na neiṫiḃ a ḃaineann le m’Aṫair?


Agus duḃairt sé leó: Ní foláir dom ríġeaċt Dé do ċraoḃsgaoileaḋ i gcaṫaraċaiḃ eile, óir is ċuige sin a cuireaḋ amaċ mé.


Do ġluaiseas amaċ ó’n Aṫair, agus do ṫánaġ ar an saoġal; táim ag fágáilt an tsaoġail airís, agus ag dul ag triall ar an Aṫair.


Do ṡoillsiġeas-sa ṫú ar an dtalaṁ so; tá an obair déanta agam a ṫugais dom le déanaṁ.


Óir, na bréiṫre a ṫugais dom, do ṫugas dóiḃ iad; agus do ġlacadar iad, agus is eól dóiḃ go fíor gur uait-se a ṫánag, agus do ċreideadar gur tú a ċuir uait mé.


Tá orm-sa oibreaċa an t-é a ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann; tá an oiḋċe ag teaċt nuair náċ féidir d’aoinne obair a ḋéanaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ