Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:27 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus ṫáinig iongna ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag fiafraiġe ḋá ċéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smaċt ar na h-annspridíḃ truailliġṫe féin, agus go ngéillid siad dó?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus ġaḃ iongantas an t-iomlán, ionnas gur ṫoisiġ siad a ḟiafruiġe eatorṫa féin, ag ráḋ: Cad é seo? Cad é an teagasc nua é seo? Óir smaċtann sé na spioraid neaṁġlana féin le cuṁaċt, agus géilleann siad dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus ṫáinig uaṫḃás orṫa uile agus d’ḟiafruiġeadar díoḃ féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smaċt go h‐uġdarásaċ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana féin, agus géilleann siad dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:27
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

I dtreó go raiḃ iongnaḋ ar na sluaiġte nuair a ċonacadar na daoine a ḃí balḃ ag caint, agus na daoine a ḃí bacaċ ag siúḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ; agus do ṁoladar Dia Israéil.


Mar is duine mise atá fé smaċt, agus tá saiġdiúirí fúm; agus deirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ ṡeirḃíseaċ, Dein so; agus deineann sé é.


Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél.


Ansan do ċuir an annsprid truailliġṫe sgread as, agus ḃain sé stracaḋ as an nduine, agus d’imṫiġ sé amaċ as.


Agus do ġluais a ṫuairisg láiṫreaċ tré críċ Ġaililí go léir.


Agus do ċuir a ċaint uaṫḃás ar na deisgiobuil. Aċ d’ḟreagair Íosa airís, agus duḃairt sé leó: A ċlann ó, náċ deacair do ḋaoine go ḃfuil a mainiġín a’ saiḋḃreas dul isteaċ i ríġeaċt Dé!


Agus ḃíodar ar an slíġ ag dul suas go Ierúsalem; agus ḃí Íosa rómpa amaċ, agus ḃí iongna orṫa, agus ḃíodar ag teaċt ’n-a ḋiaiḋ agus eagal orṫa. Agus do tog sé an dáréag airís, agus ċrom sé ar a ḋ’innsínt dóiḃ cad a ḃí le tuitim amaċ dó:


Agus ċuadar isteaċ sa tuama agus ċonacadar an fear óg ’n-a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láṁa deire agus éide ġeal uime, agus ṫáinig eagal orṫa.


Agus duḃairt sé leó: Ná glacaiḋ aon sgannra. Íosa Nasareit a céasaḋ isé atá uaiḃ. D’eiriġ sé; ní’l sé anso; féaċ an áit ’n-ar ċuireadar é.


Agus iseaḋ is mó a ḋeineadar iongna ḋé, agus a deiridís: Deineann sé gaċ níḋ go maiṫ: tugann sé éisteaċt do’n ḃoḋar agus caint do’n ḃalḃ.


Agus ṫáinig criṫ-eagla ar na daoine go léir, agus ḃiodar ag caint eatarṫa féin, agus deiridís: Cad é seo mar ḃriaṫar, go smaċtuiġeann sé le cóṁaċt agus le neart na h-annspridí neaṁġlana, agus go n-imṫíġid siad amaċ?


Do ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag Aspol agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt agus cumas ar gaċ aicme deaṁan, agus leiġeas ar ġalaraiḃ.


Ansan do rugadar air agus ṫósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus duḃradar: An misde ḋúinne eolus a ḋ’ḟáġail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á ṫáḃairt uait?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ