Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Ag ráḋ: Caḋ é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa as Nasair? An dtáinic tú le sinn a ṁilleaḋ? Tá a ḟios againn cé ṫú, Neaċ Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:24
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé ċun cóṁnuiġṫe sa ḃaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt na fáiḋe: Óir taḃarfar Nasarénaċ air.


Agus féaċ, do liúġadar agus duḃradar: Cad é sin dúinne ṫusa, a Íosa, a Ṁic Dé? Ar ṫáinís anso roim an aimsir ċun pionóis a ċur orainn?


Agus ḃí sa tsinagóig acu duine go raiḃ spioraid neaṁġlan istiġ ann, agus do liúiġ sé amaċ:


Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt sé: Bí ciúin agus imṫiġ amaċ as an nduine.


Agus nuair airiġ sé gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ann, ċrom sé ar ġlaoḋaċ agus ar a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm.


Agus nuair a ċonaic sí Peadar ’ġá ṫéiḋ féin, d’ḟéaċ sí air agus duḃairt sí: Agus do ḃís-se leis i ḃfoċair Íosa Nasareit.


Agus duḃairt sé leó: Ná glacaiḋ aon sgannra. Íosa Nasareit a céasaḋ isé atá uaiḃ. D’eiriġ sé; ní’l sé anso; féaċ an áit ’n-ar ċuireadar é.


Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.


Agus duḃairt sé leó: Cad iad na neiṫe? Agus duḃradar: I dcaoḃ Íosa Nasareit a ḃí i n-a ḟáiḋ, cóṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine,


Agus duḃairt: leig dúinn; cad í an ḃaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An ċun sinn a ṁilleaḋ do ṫáinís? Tá ’ḟios agam ce h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ’n-a láṫair agus do laḃair sé do ġuṫ árd: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic an Árd-Ḋia? Iarraim ort gan mé ṗianaḋ.


Agus d’iarr pobul na nGerasénaċ go léir air imṫeaċt uaṫa, mar ḃí eagla ana-ṁór orṫa. Agus ċuaiḋ sé an bórd na luinge agus ṫáinig sé ṫar n-ais.


Agus d’ḟreagair Símón Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige go raġaimíd? Is agat-sa atáid bréiṫre na beaṫa síoruiḋe.


De ḃríġ ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomṫa truailiú a ḋ’ḟeisgint.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanaṁ toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an doṁain agus ’n-a ċeann ar an aicme annrianta san, na Nasarénaċ.


Do ṡéanaḃair an t-Aon Naoṁṫa fíoraonta agus d’iarraḃair an marḃṫóir a ṫaḃairt daoiḃ,


Óir do ṫáinig i gceann a ċéile, go fíor, sa ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa ar an ċuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ