Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus nuair a ḃí Eóin curṫa sa ṗríosún, ṫáinig Íosa isteaċ i nGaililí ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil ríġeaċta Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus i ndiaiḋ Eoin a ḃeiṫ curṫa i bpríosún, ṫáinic Íosa ċun na Gailile ag fuagraḋ soiscéal ríoġaċt Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus tar éis Eoin do ċur i bpríosún, ṫáinig Íosa isteaċ ’sa nGalilé ag craoḃscaoileaḋ soiscéil Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus tar éis Eóin do ċur a bpriosún, táinic Iósa don Ġalilé, ag seanmoir soisgéil rioġaċda Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ḋ’airiġ Eóin, agus é gaḃṫa, oibreaċa Ċríost, ċuir sé beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ féin ag triall air, agus duḃairt sé leis:


Agus duḃairt sé le n-a ṁuintir ṫiġe: Sidé Eóin Baiste; d’eíriġ sé ósna mairḃ, agus is uime sin atáid na mírḃuiltí d’á ndéanaṁ tríd.


Agus nuair airiġ Íosa Eóin a ḃeiṫ ’n-a ṗríosúnaċ d’imṫiġ sé go Gaililí;


As san amaċ do ṫusnuiġ Íosa ar ṡeanmóin, agus ar a ráḋ: Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta.


Ċuir sé an méid seo leó go léir, agus ċuir sé Eóin i bpríosún.


Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.


Agus féaċ anois, is eól dóṁsa ná feicfiḋ siḃ mo ġnúis a ṫuille, siḃse go léir n-a ḃfuil siúḃalṫa i nḃúr measg agam ag craoḃsgaoile riġeaċta Dé.


Ansan do ċeapadar lá ḋó, agus ṫáinig a lán acu go dtí an lóisdín ċuige, agus do ṁíniġ sé ḋóiḃ ríġeaċt Dé agus ṫug sé fiaḋnuise ḋóiḃ air. Agus ḃí sé ó’n maidin go dtí an tráṫnóna ag cur ’n-a luiġe orṫa i dtaoḃ Íosa, a’ dliġe Ṁaoise agus as na fáiḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ