Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 10:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Leiġsiḋ daoine breóite; tógaiḋ na mairḃ ó’n mbás; glanaiḋ na loḃair; cuiriḋ amaċ na deaṁain. Is i n-aisge do fuaraḃair; tugaiḋ uaiḃ i n-aisge.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Leiġeasaigiḋ na h-easláin, tógaigiḋ na mairḃ, glanaigiḋ na loḃair, teilgigiḋ amaċ deaṁain. I n-aisciḋ a fuair siḃ, taḃairigiḋ uaiḃ i n-aisciḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Slánaiġiḋ na daóine éugcrúaiḋe, glanaiġ na loḃair, dúisgiḋ na mairḃ, teilgiḋ a maċ na deaṁain: a naisgiḋ fúaraḃair, taḃruiḋ uáiḃ a naisgiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 10:8
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Duḃairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, aċ an níd atá agam ḃeirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit eiriġ agus siuḃluiġ;


Le d’láiṁ a ṡíne amaċ ag déanaṁ leiġeas agus mírḃúiltí agus iongnaí tré ainim do Ṁic naoṁṫa Íosa.


Agus leiġisiḋ na daoine breóite sa ċaṫair sin, agus abraiḋ leó, Tá ríġeaċt Dé buailte liḃ.


Agus do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋáréag deisgiobul, agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt ar na h-annspridíḃ, ċun iad do ċur amaċ, agus ċun gaċ galair agus breóiteaċta do leiġeas.


Tógfaid siad aiṫreaċa niṁe, agus má ólaid siad deoċ marḃuiġṫeaċ ní ġortóċaiḋ sé iad: Cuirfid siad a láṁa ar daoine breóite agus beid siad go maiṫ.


Imṫíġiḋ, agus deiniḋ craoḃsgaoileaḋ, agus abraiḋ, Tá ríġeaċt na ḃflaṫas tagaiṫe i n-aċmaireaċt.


Ná bíoḋ ór ná airgead ná saiḋḃreas i dtaisge agaiḃ i nḃúr gcrios.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ