Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:51 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus do ṫárla, fé mar a ḃí laeṫanta a ḋeasgaḃála d’á gcríoċnú, go raiḃ a ġnúis daingean aige féin ar ḋul go Ierúsalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus ṫárla, nuair a ḃí laeṫe a ḋeasgaḃála dá gcríoċnuġaḋ, gur ċuir sé a aġaiḋ go daingean ar ḋul go h-Ierusalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus ṫarla, nuair do ḃí am a ḋeasgaḃála ag teaċt i ngiorraċt dó, gur ġlac sé de rún daingean aġaiḋ do ṫaḃairt ar Iarúsalem, agus do ċuir sé teaċtairí roiṁe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Agus tárla, an tan do coíṁliónaḋ laéṫe a nglacfaiḋ súas é, gur ċuir sé roiṁe go daingion dul go Hiárusaléim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:51
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an Tiġearna Íosa, tar éis laḃarṫa leó ḋó, do tógaḋ suas ar neaṁ é, agus tá sé ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ Dé.


Agus tá agam baisteaḋ le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúṁangraċt go dtí go gcóṁlionfar é!


Agus do ġluais sé tré sna caṫaraċaiḃ agus tré sna bailtiḃ ag teagasg, agus é ag dul fé ḋein Ierúsalem.


Agus do ṫárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamaria agus Ġaililí;


Agus do ṫóg Íosa an dáréag, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cóṁlíonfar gaċ níḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


Agus iadsan ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin do ċuir sé leó agus do laḃair sé soluíd, mar ḃí sé ag teaċt i ngar do Ierúsalem, agus ṁeasadar-san go dtaisbeánfaí ríġeaċt Dé láiṫreaċ.


Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ ag dul suas go h-Ierúsalem.


Agus le linn a ḃeannaċt do ċur orṫa ḋó, do ḋruid sé uaṫa, agus do tógaḋ suas ins na flaṫais é.


Agus ṫárla, an ḟaid a ḃíodar ar an slíġ, go nduḃairt duine éigin leis: Leanfad-sa ṫusa, a Ṫiġearna, pé ball ’n-a ngeoḃair.


Roiṁ lá ḟéile na cásga, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe ċun imṫeaċt as an saoġal so ag triall ar an Aṫair: ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuíntir féin, do ġráḋuiġ sé iad go deire.


Do ġluaiseas amaċ ó’n Aṫair, agus do ṫánaġ ar an saoġal; táim ag fágáilt an tsaoġail airís, agus ag dul ag triall ar an Aṫair.


Aċ níor innseas na neiṫe seo ḋaoiḃ ó ṫusaċ, mar ḃíos i nḃúr ḃfoċair. Agus anois táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus ní’l aoinne agaiḃ ’ġá ḟiafraiġe ḋíom: Cá ḃfuilir ag imṫeaċt?


Agus nílim ar an saoġal feasda, agus táid siad so ar an saoġal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Aṫair naoṁṫa, comieád, at’ ainim féin, an ṁuintir a ṫugais dóṁ-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne.


Agus do ṫuig Íosa ann féin go raiḃ a ḋeisgiobuil ag gluaireán mar ġeall ar an níḋ sin, agus duḃairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoiḃ?


Go dtí an lá nar deasgaḃálaḋ é tar éis a aiṫeanta ṫaḃairt do sna h-Aspolaiḃ a ṫoiġ sé, tríd an Spioraid Naoṁ.


Agus nuair a ḃí an ċainnt sin ráiḋte aige do tógaḋ suas é os cómair a súl agus do ġlac sgamall as a raḋarc é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ