Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:48 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus duḃairt sé leó-san: An t-é a ġlacfaiḋ an leanḃ san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise glacann sé an t-é do ċuir uaiḋ mé; óir an t-é is lúġa agaiḃ go léir isé is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Agus duḃairt leo: Cibé a ġlacfas an leanḃ seo i m’ainm-se, glacann sé mise, agus cibé a ġlacfas mise, glacann sé an té a ċuir uaiḋ mé; óir an té ar luġa é eadraiḃ uilig, is é is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:48
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tugaiḋ aire gan neaṁṡuím a ḋéanaṁ d’aoinne de’n ṁuintir ḃeag san, mar deirim liḃ go ḃfuil raḋarc do ṡíor agá n-aingealaiḃ sin ins na flaṫais, ar ġnúis m’Aṫar-sa, atá ins na flaṫais.


Mar an gcéadna, ní toil le nḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais go gcaillfí duine de’n ṁuíntir ḃeag san.


Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin adeirim liḃ, siḃ-se do lean mé, sa n-aiṫġeineaṁaint, nuair a ṡuiḋfiḋ Mac an Duine i gcaṫaoir a ġradaim, súiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil.


Agus déarfaiḋ an Rí ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid a ḋeineaḃair é do ḋuine de’n ċuid is suaraíġe de m’bráiṫriḃ anso, do ḋeineaḃair dóṁ-sa é.


Ansan déarfaiḋ sé ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid nár ḋeineaḃair d’aoinne de’n ṁuintir suaraċ so é ’níor ḋeineaḃair dóṁ-sa é.


Agus d’ḟreagair Eóin é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, aċ ní ġaḃann an duine sin linne, agus do ċoisgeamair é.


An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne.


Óir gaċ aoinne a ḋ’árdóċaiḋ é féin, ísleófar é; agus an t-é a ḋ’ísleóċaiḋ é féin, árdófar é.


Ní mar sin daoiḃ-se áṁṫaċ; aċ an t-é is mó oraiḃ bíoḋ sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’ḟear frioṫálṁa.


Siḃ a ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól as mo ḃórd, am’ ríġeaċt, agus i nḃúr suiḋe ar ċaṫaoireaċaiḃ ríoga ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil.


Deirim liḃ é: Ar ar rugaḋ ó ṁnáiḃ de ḋaoiniḃ ní’l fáiḋ is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúġa i ríġeaċt Dé is mó é ’ná eisean.


Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ: An t-é a ġlacann aoinne a ċuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ġlacann mise, glacann sé an t-é a ċuir uaiḋ mé.


An t-é go ḃfuil m’aiṫeanta-sa aige agus do ċoimeádann iad, siné an t-é go ḃfuil grád aige ḋom; agus an t-é go ḃfuil grád aige ḋom, beiḋ gráḋ agam’ Aṫair dó; agus beiḋ gráḋ agam-sa ḋó agus taisbeánfad mé féin dó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ