Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:44 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus ḃí uaṫḃás ar na daoine go léir tré ṁór-ċóṁaċt Dé. Agus nuair a ḃíodar go léir ag déanaṁ iongna de sna gníoṁarṫa a ḃí aige ’á ḋéanaṁ, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Coimeádaiḋ-se cuiṁne ar an gcaint sin i nḃúr gcroiḋe: óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Agus ġaḃ uaṫḃás iad uilig fá ṁór-ċuṁaċt Dé, agus nuair a ḃí siad uilig ag déanaṁ iongantais de gaċ níḋ dá ndearna sé, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cuirigiḋ na briaṫra seo i ḃur gcroiḋṫe; óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁa daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Cuiriḋ‐se na ráiḋte seo i dtaisce ’n‐ḃúr gcluasaiḃ: óir atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Taisgiḋ na bríaṫrasa ann ḃur gcluasaiḃ: óir tiofuiḋ ċum ċríċe go dtioḃarṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndaóine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:44
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá.


Is eól daoiḃ go mbeiḋ an Ċáisg ann tar éis ḋá lá, agus taḃarfar Mac an Duine suas ċun a ċéasda.


Agus ċrom sé ar a ṫeagasg dóiḃ nár ḃfoláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus na seanóirí ’ġá ṡéanaḋ, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí; agus go gcurfaí ċun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóċaḋ sé ó’n mbás.


Aċ níor ṫuigeadar an ċaint, agus ḃí sgáṫ orṫa é ċeistiú.


Agus gaċ aoinne a d’airiġ iad ċoimeád sé cuiṁne orṫa, agus deiridís le n-a ċéile: Cad a ḃeiḋ againn ar ball ’n-a leiṫéid seo de leanḃ, dar leat? Óir ḃí láṁ an Tiġearna leis.


Agus do ṫóg Íosa an dáréag, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cóṁlíonfar gaċ níḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


Agus do ċoimeád Muire na laḃarṫa san go léir, ġá mbreiṫniú ’n-a croiḋe.


Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.


Agus duḃairt sé leó: Sidiad na focail a laḃras liḃ nuair a ḃíos fós i nḃúr measg, náċ foláir gaċ níḋ do ċóṁlíonaḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa orm-sa i ndlíġ Ṁaoise agus ins na fáiḋiḃ agus ins na salmaiḃ.


’Ġá ráḋ: Ní foláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí é, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, agus go gcurfaí ċun báis é, agus go n-aiseireóċaḋ sé an tríṁaḋ lá.


D’ḟreagair Íosa iad: An gcreideann siḃ anois?


Aċ táid na neiṫe seo innste agam daoiḃ i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am dóiḃ, go gcuiṁneóċaiḋ siḃ ar mé ’ġá n-innsint daoiḃ.


D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Do tugaḋ an duine sin a’ cóṁairle ċinnte agus a’ roiṁeólus Dé, agus do ḋeineaḃairse é ċéasaḋ ċun ḃáis le lámaiḃ na gcuirpṫeaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ