Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus féaċ, do laḃair duine de’n tsluaġ amaċ agus duḃairt sé: A Máiġistir, guiḋim ṫú, féaċ ar mo ṁac, mar ní’l agam aċ é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus féaċ, scairt fear as an tsluaġ, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, guiḋim ṫú, dearc ar mo ṁac, óir ní ḟuil agam aċt é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus féaċ, fear de’n tsluaġ do ġlaoḋ amaċ, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, impiḋim ort, féaċ ar mo ṁac; óir is é m’aon ṁac é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus, féuċ, do éiġ neaċ don tslúaġ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, iárruim ort, feuċ ar mo ṁac: oír a sé méinġein é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:38
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus féaċ, ṫáinig bean ó Ċanaan amaċ as na críoċaiḃ sin, agus do ġlaoiḋ sí: A Ṫiġearna, a Ṁic Dáiḃid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inġean d’á ciapaḋ go cruaiḋ ag deaṁan.


Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċun geata na caṫaraċ, féaċ, ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aonṁac a ḃí agá ṁáṫair, agus baintreaċ ab eaḋ an ṁáṫair; agus ḃí soċraid ṁór de ṁuintir na caṫaraċ léi.


Agus do ṫarla, an lá ’n-a ḋiaiḋ san, ag teaċt anuas ó’n gcnoc dóiḃ, gur ḃuail sluaġ ṁór uime.


Agus féaċ, beireann an deaṁan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ġá leagaḋ agus ’ġá stracaḋ as a ċéile, agus cúḃar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis aċ ’ġá stracaḋ.


Nuair airiġ sé sin Íosa ḃeiṫ tagaiṫe ó Iúdaéa isteaċ i nGaililí d’imṫiġ sé ag triall air, agus ḃí sé ’ġá iarraiḋ air dul síos agus a ṁac do leiġeas; óir ḃí sé i bpúnc an ḃais.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ