Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:33 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus do ṫárla, nuair a ḃíodar ag imṫeaċt uaiḋ, go nduḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a ḟios aige cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus ṫárla, nuair a ḃí siad ag imṫeaċt uaiḋ, duḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo; déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías, óir ní raiḃ a ḟios aige cad é ḃí dá ráḋ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus ṫarla, nuair do ḃíodar‐san ag imṫeaċt uaiḋ go nduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: déanaimís trí boṫa; boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias: agus gan a ḟios aige créad do ḃí aige d’á ráḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus tárlá, agá ḟagḃáil doiḃ, go nduḃairt Peadar ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: agus déanam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Ḋelías: gan fios aige créd a duḃairt sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:33
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ṫánadar go dtí an sluaġ, do ṫáinig ċuige duine agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair: A Ṫiġearna, ar seisean, dein trócaire ar mo ṁac; mar tá sé ’n-a ġeilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic.


Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Ṁaois, agus pubal d’Elias.


Duḃairt Íosa leó, áṁṫaċ: Ní h-eól daoiḃ cad tá agaiḃ ’á iarraiḋ. An féidir liḃ an ċailís a ḋ’ól atá agam-sa ’á ḋ’ól, nó siḃ a ḃaisteaḋ sa ḃaisteaḋ seo i n-a ḃfuilim-se am’ ḃaisteaḋ?


Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: A Ṁáiġistir, tá an oiḋċe caiṫte againn ag obair, agus níor ṫógamair aon níḋ; aċ ó deirir-se é sgaoilfad amaċ an líon.


Agus au ḟaid a bí sé ag ráḋ an méid sin ṫáinig sgamall agus do ċlúdaiġ sé iad, agus ṫáinig eagal orṫa nuair a ḃíodar ag dul isteaċ sa sgamall.


Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine agus é ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, agus ċoisgeamair é, toisg ná gaḃann sé linne.


Duḃairt Pilib leis: A Ṫiġearna, taisbeáin dúinn an t-Aṫair, agus is leór dúinn san.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ