Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:29 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus an ḟaid a ḃí sé ag guiḋe d’aṫruiġ a ġnúis, agus d’iompuiġ a ċuid éadaiġ geal, taiṫneaṁaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus le linn dó a ḃeiṫ ag guiḋe, d’aṫruiġ gné a aġaiḋe, agus d’éiriġ a ċuid éadaiġ geal agus lonnarḋa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus le linn guiḋe ḋó, ṫáinig aṫrú gné air, agus d’éiriġ a éadaiġe geal, lonnraċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus tárla ag deanaṁ urnuiġe ḋó, gur haṫruiġeaḋ fioġair a aiġṫe, agus go ndearnaḋ a éadaċ geal dealruiġeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:29
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig aṫrúġaḋ cló air ós a gcóṁair. Agus ṫáinig taiṫneaṁ ’n-a ġnúis ar nós na gréine, agus d’iompuiġ a ċuid éadaiġ ċóṁ geal le sneaċta.


Agus ’n-a ḋiaiḋ san do ṫaisbeáin sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt acu agus iad ag siuḃal, ag dul fá’n dtuaṫ.


Do ṫárla, áṁṫaċ, nuair a ḃí na daoine go léir ḋ’á mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur h-osgalaḋ an spéir,


Agus d’imṫiġeaḋ sé féin isteaċ sa n-uaigneas ag guiḋe.


Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.


Agus do ṫarla, nuair a ḃí sé i n’aonar ag guiḋe, go raiḃ a ḋeisgiobuil i n’ḟoċair, agus ċeistiġ sé iad agus duḃairt sé: Cé adeir na daoine is mise?


Agus féaċ, ḃí beirt ag cóṁráḋ leis, agus Maois agus Elias iad san.


Agus do ḋein feóil de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ i n-ár measg, agus ċonacamair a ġlóire mar ġlóire Aon Ṁic an Aṫar, lán de ġrásta agus d’ḟírinne.


Agus ḃí luċt na cóṁairle ag féaċaint go dlúṫ air agus ċonnacadar go raiḃ a ġnúis mar a ḃeaḋ gnúis aingil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ