Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:28 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus do ṫárla, tímpal oċt lá tar éis na cainte sin, gur ṫóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaġaiḋ sé suas ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus ṫárla tuairim agus oċt lá i ndiaiḋ na mbriaṫar sin, gur ġaḃ sé ċuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus ċuaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus ṫarla, timċeall oċt lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeaċaiḋ sé suas ar ṡléiḃ ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus tárla a dtimċeall oċd lá tar éis na mbriaṫarsa, ar mbeiṫ Ṗeadair agus Eóin agus Ṡéamuis leis, go ndeaċaiḋ sé súas ar ṡlíaḃ do ḋéanaḋ urnuiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:28
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ċuir sé uaiḋ na daoine, agus d’imṫiġ sé an cnoc suas i n-a aonar ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. Agus ṫáinig an tráṫnóna, agus ḃí sé ann i n-a aonar.


Agus nuair a ċonaic sé na sluaiġte ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus nuair a ṡuiḋ sé ann ṫáinig a ḋeisgiobuil ag triall air.


Agus d’eiriġ sé ana-ṁoċ ar maidin, agus d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigneaċ, agus ḃí sé ag guiḋe ann.


Agus nuair a ċuir sé ċun siuḃail iad, d’imṫiġ sé an cnoc suas ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.


Do ṫárla, áṁṫaċ, nuair a ḃí na daoine go léir ḋ’á mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur h-osgalaḋ an spéir,


Agus d’imṫiġeaḋ sé féin isteaċ sa n-uaigneas ag guiḋe.


Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.


Agus nuair a ṡrois sé an tiġ níor leig sé aoinne isteaċ i n-aonḟeaċt leir aċ Peadar agus Séamus agus Eóin, agus aṫair agus máṫair an ċailín.


Agus do ṫarla, nuair a ḃí sé i n’aonar ag guiḋe, go raiḃ a ḋeisgiobuil i n’ḟoċair, agus ċeistiġ sé iad agus duḃairt sé: Cé adeir na daoine is mise?


Agus d’imṫiġ Íosa an cnoc suas agus do ṡuiḋ sé i ḃfoċair a ḋeisgiobul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ