Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ṫusnuiġ an lá ar ḋul i ndéanaiġe. Agus ṫáinig an dáréag ċuige agus duḃradar leis: Leig na sluaiġte ċun siuḃail, i dtreó go n-imteóċaid siad ar fuid na mbailte agus na dtiġṫe mór-ṫímpal agus go ḃfaiġid siad lóisdín agus bia, óir is i ḃfásaċ atáimíd anso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Aċt ṫoisiġ an lá a ṫeaċt ċun deiriḋ. Agus ṫáinic an dáréag ċuige gur ḋuḃairt leis: Cuir ar ṡiuḃal na sluaiġte, go dtéiġiḋ siad isteaċ ins na bailte agus na feirmeaċa, atá ṫart timċeall, ċun lóistín agus biaḋ d’ḟaġáil, óir is fásaċ an áit seo ina ḃfuilmíd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do ḃí an lá ag dul i ndéiḋeannaiġe; agus ṫáinig an dáréag, agus aduḃradar leis, Cuir na sluaiġte ċum bealaiġ, ionnas go raċaiḋ siad isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus sa tír ṫart ṫimċeall, ċum lóistín agus lón d’ḟáġáil: óir is i ḃfásaċ atáimíd annso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do ḃí an lá ag dol ṫárrsa, agus trangadar an dá ḟear ḋég ċuigesion, agus a duḃradar ris, Léiġ uáit an slúaġ, ionnus go numéoċaidis fa na bailtiḃ agus fan tír do leaṫnuġaḋ, agus go ccoṁnuiḋid, agus dfaiġáil bíḋ: óir a tamáoid ann so a náit ḟásaṁuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:12
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair airiġ Íosa é, d’imṫiġ sé ó’n áit sin, i luing ḃig, isteaċ i ḃfásaċ uaigneaċ; agus nuair a ḋ’airiġ na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na caṫaraċaiḃ.


Agus níor ṫug sé aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus d’iarradar air í leigint ċun siúḃail. Leig ċun siúḃail í, ar siad; tá sí ag glaoḋaċ i n-ár ndiaiḋ.


Ansan do ġlaoiḋ Íosa ċuige a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé: Tá truaġ agam do’n tsluaġ, óir táid siad tar éis fanṁaint trí lá am’ ḟoċair agus ní’l aon níḋ le n-iṫe acu; agus ní maiṫ liom iad do ċur uaim ’n-a dtrosgaḋ, le h-eagla go dtuitfidís ar an slíġ.


Agus nuair a fuair na sluaiġte amaċ an méid sin do leanadar é; agus do ġlac sé iad, agus ḃí sé ag caint leó i dtaoḃ ríġeaċta Dé, agus na daoine a ḃíoḋ i ngáḋ le leiġeas do leiġiseaḋ sé iad.


Agus duḃairt sé leó: Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. Agus duḃradar-san: Ní’l againn aċ ċúig bulóga agus ḋá iasg, murab aṁlaiḋ a raiġmís agus bia ċeannaċ do’n tsluaġ ṁór so go léir.


Tar éis na neiṫe sin d’imṫiġ Íosa treasna mara Ġaililí, ’sé sin Tiberias,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ