Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag Aspol agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt agus cumas ar gaċ aicme deaṁan, agus leiġeas ar ġalaraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Annsin nuair a ġoir sé ċuige an dáréag Abstal, ṫug sé cuṁaċt agus uġdarás dóiḃ ar na deaṁain go h-uile, agus galair a leiġeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ġlaoḋ sé an dáréag ċuige, agus ṫug sé ḋóiḃ cuṁaċt agus uġdarás ar na deaṁnaiḃ go léir, agus ċum galair do leiġeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ag gairm a ḋá ḋeisciobal deg ḋó, tug sé neart agus cuṁaċda ḋóiḃ art na huile ḋeaṁnuiḃ, agus ar easláintiḃ do leiġeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:1
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus taḃarfad duit eoċraċa ríġeaċta na ḃflaṫas; agus pé rud a ċeangalóċair ar talaṁ, beiḋ sé ceangailte ins na flaṫais; agus pé rud a sgaoilfir ar talaṁ, beiḋ sé sgaoilte ins na flaṫais.


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Mar is duine mise atá fé smaċt, agus tá saiġdiúirí fúm; agus deirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ ṡeirḃíseaċ, Dein so; agus deineann sé é.


Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann.


Féaċ, tá taḃarṫa agam daoiḃ cumas ar ṡatailt ar aiṫreaċaiḃ niṁe agus ar scorpiónaiḃ, agus ar gaċ cóṁaċt de ċóṁaċtaiḃ an naṁad, gan doċar daoiḃ.


Nó murab é sin é, creidiḋ mé mar ġeall ar na h-oibreaċa féin. Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, an t-é a ċreideann ionam-sa, na h-oibreaċa a ḋeinim-se déanfaiḋ sé féin iad, agus déanfaiḋ sé oibreaċa is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Aṫair.


Aċ glacfaiḋ siḃ neart an Spioraid Naoiṁ ag túirliocan ionaiḃ, agus beiḋ siḃ i nḃúr luċt fiadnaise ḋóṁsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an doṁain ar fad.


Agus de ḃarr creidiṁ i n’ainim sin, an duine seo a ċíonn siḃ agus d’-aiṫníġeann siḃ, do neartuiġ a ainim é, agus ṫug an creideaṁ a ṫagann uaid an slánú críoċnuiġṫe sin atá os cóṁair ḃúr súl go léir.


Le d’láiṁ a ṡíne amaċ ag déanaṁ leiġeas agus mírḃúiltí agus iongnaí tré ainim do Ṁic naoṁṫa Íosa.


Agus duḃairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tiġearna Íosa Críost ag taḃairt sláinte ḋuit. Éiriġ agus córuiġ do leabaiḋ! Agus d’éiriġ sé láiṫreaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ