Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṫuit tuille de sa talaṁ fóġanta agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ fó ċéad. Nuair a duḃairt sé an méid sin do laḃair sé árd: An t-é go ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air cloiseaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṫuit tuillead de ar an talaṁ ṁaiṫ, agus ar ḟás dó, ṫug sé toraḋ fá ċéad. Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aiġe, scairt sé go h-árd: An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ṫuit cuid eile ar an talaṁ maiṫ, agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, fá ċéad. Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ġlaoḋ sé amaċ, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:8
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An t-é ar a ḃfuil cluasa ċun éisteaċta, éisteaḋ sé.


Aċ an t-é a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ṫuigeann é, agus a ṫugann toraḋ uaiḋ, agus tugann sé cuid de’n toraḋ fó ċéad, agus cuid eile ḋe fó ṫrí fiċid, agus cuid eile ḋe fó ṫríoċad.


Agus an ṁuintir a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ḋ’éisteann leis an mbriaṫar, agus do ġlacann é agus do ṫugann toraḋ uaṫa, duine fó ṫríoċad, duine fó ṫrí fiċid, agus duine fó ċéad.


Má tá cluasa ċun aireaċtaint ag aoinne airiġeaḋ sé.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ ḟóġanta, agus d’ḟás sé agus d’éiriġ sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fó ṫríoċad, cuid de fó ṫrí fiċid, agus cuid dé fó ċéad.


Má tá cluasa ċun éisteaċta ag duine, éisteaḋ sé.


Ní’l tairḃe ann do’n talaṁ ná ċun aoiliġ; caiṫtear amaċ é. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta cloiseaḋ sé.


Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.


Agus do ṫuit tuille ḋe ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa i n-aonḟeaċt leis, agus ṁúċadar é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ