Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:47 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus nuair a ṫuig an ḃean nár ċuaiḋ sí gan aiṫint, ṫáinig sí agus ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus í ag criṫ, agus d’innis sí os cóṁair na ndaoine go léir cad é an ċúis n-ar ṫeangḃaiḋ sí leis, agus conus mar a leiġiseaḋ í láiṫreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus nuair a ċonnaic an ḃean naċ raiḃ folaċ aice, ṫáinic sí agus í ar criṫ, agus ċaiṫ sí í féin ag a ċosa, agus d’innis sí ós cóṁair na ndaoine go léir cad ċuige ar ḃain sí leis, agus mar a leiġeasaḋ í ar an ḃomaite.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair ṫug an ḃean fá deara nár ceileaḋ í, ṫáinig sí ar criṫ, agus d’á caiṫeaṁ síos ag a ċosaiḃ ḋí, d’innis sí i ḃfiaḋnaise na ndaoine go léir cad ċuige ar ḃain sí leis, agus cionnas mar do leiġeasaḋ í ar an mball.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus an tráṫ do ċonnairc an ḃean gur hairiġeaḋ í, táinic si ar criṫ, agus ag sléuċdain dósan, dfoillsiġ sí ḋó a ḃriaḋnaisi an ṗobuil uíle créd é an táḋḃar far ċumail sí ris, agus cionnus do leiġeasaḋ í ar an mball.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:47
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġeadar amaċ go tapaiḋ ó’n uaiġ, agus ḃi eagla mór orṫa agus áṫas mór, agus iad ag ruiṫ ċun an sgéil a ḋ’innsint dos na deisgiobuil.


Agus ṫáinig criṫ-eagla ar an mnaoi, mar ḃí ’ḟios aici cad a ṫárla, agus ṫáinig sí agus do ṡléaċt sí ḋó, agus d’innis sí ḋó iomláine na fírinne.


Agus duḃairt Íosa: Do ṫeangḃaiḋ duine éigin liom; óir is eól dóṁ-sa go ndeaġaiḋ cóṁaċt amaċ uaim.


Agus duḃairt seisean léi: Do leiġis do ċreideaṁ ṫú, a ’nġean ó; imṫiġ leat i síoṫċáin.


D’iarr sé solus agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Ṗóil agus Ṡílais,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ