Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:41 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus féaċ, ṫáinig ċuige fear dár ḃ’ ainim Iaírus, agus dob’ é uaċtarán na sinagóige é; agus do ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Íosa ’ġa iarraiḋ air dul ċun a ṫiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus féaċ, ṫáinic fear, darḃ ainm Iairus, agus b’é uaċtarán na smeagóige é, agus ṫuit sé ag cosa Íosa, ag iarraiḋ air teaċt isteaċ ċun a tiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus féaċ, ṫáinig fear darḃ ainm Iárus, duine d’uaċtaránaiḃ na sionagóige, agus do ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Íosa, agus d’iarr sé d’impiḋe air teaċt ċum a ṫiġe;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus, féuċ, táinic neaċ áiriġe dar ḃainm Iáirus, do ḃí na úaċdarán ar a tsinagóig: agus an tan do ṡléuċd sé ag cosaiḃ Iósa, diárr sé daṫċuinġiḋ air dul leis dá ṫiġ féin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:41
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair uaċtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do ḋéanaṁ an leiġis lá na sabbóide, agus duḃairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar ċeart obair a ḋeanaṁ; tagaiḋ aon lá ḋíoḃ san, agus leiġistear siḃ; agus ná tagaiḋ lá na sabbóide.


Agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ ag cosaiḃ Íosa ag gaḃail a ḃuiḋeaċais leis, agus Samaritánaċ dob’ eaḋ é.


Nuair a ċonaic Símón Peadar an níḋ sin do ċaiṫ sé é féin ag glúiniḃ Íosa, agus duḃairt: Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé.


Mar go raiḃ aon inġean aṁáin aige agus í tímpal ḋá ḃliain déag, agus go raiḃ sí ag dul ċun báis. Agus, ag dul ann dó, do ṫarla go raiḃ an tsluaġ ag brúṫ air.


Agus é ag ráḋ na cainte sin ṫáinig duine ċun uaċtarain na sinagóige agus duḃairt sé leis: Tá t’inġean ṫar éis ḃáis, ná bí ’ġá ċur ċun trioblóide.


Ansan duḃairt Marta le h-Íosa: A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ;


Agus nuair a ḃí léiġead na dlíġe agus na ḃfáiḋ déanta ċuir uaċtaráin na sinagóige teaċtaireaċt ċúċa ’ġá ráḋ: A ḟeara, a ḃráiṫre, má tá agaiḃ aon ċainnt ṫeagaisg do’n ṗobul abraiḋ í.


Agus do rugadar go léir an Ṡóstenés uaċtarán na sinagóige agus ḃíodar ag gaḃáil air os cóṁair an tsuiḋeḃraṫa agus níor ċuir Gallió aon tsuim i n-aon níḋ de sna neiṫiḃ sin.


Agus do ċreid Crispus, uaċtarán na sinagóige, sa Tiġearna, agus a ṫeaġlaċ go léir, agus do ċreid mórán de sna Coirintiġ a ḃí ag éisteaċt leis agus do baisteaḋ iad.


Aċ, ó ḃí Lidda cóṁgasaċ do Ioppé agus gur airiġ na deisgiobuil Peadar a ḃeiṫ sa n-áiṫ sin, ċuireadar beirt ḟear ċuige ’ġá ráḋ leis: Ná déin ríġneas gan teaċt ag triall orainn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ