Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus ṫáinig ná daoine amaċ go ḃfeicfidís cad a ḃí tuitiṫe amaċ, agus ṫánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a ṡuiḋe ag cosaiḃ Íosa, ’n-a ġlan-ṁeaḃair agus éadaċ uime, an duine as ar imṫiġ na deaṁain, agus ḃí eagal orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus ċuaiḋ siad amaċ a ḟeiceáil an níḋ a ṫárla, agus ṫáinic siad ċuig Íosa; agus fuair siad an duine, as a ndeaċaiḋ na deaṁain amaċ, ina ṡuiḋe ag a ċosa, a ċuid éadaiġ air agus a ṁeaḃair slán, agus ġaḃ eagla iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do ċuadar amaċ go ḃfeicfidís créad do ṫuit amaċ; agus ṫángadar ċum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imṫiġ na deaṁain, a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ġlain‐ṁeaḃair ag cosaiḃ Íosa: agus do ḃí eagla orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus do ċúadarsan amaċ dféaċain an neiṫ do rinneaḋ; agus tangadar dionnsuiġe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeaċadar na deaṁuin, a na éaduġaḋ, agus é ar deaġċeill, na ṡuiḋe ag cosaiḃ Iósa: agus go ġaḃ eagla íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:35
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus ṫánadar ag triall ar Íosa agus ċonacadar an fear go mbíoḋ an deaṁan ’ġa ṁilleaḋ, ’n-a ṡuiḋe agus a ċuid éadaiġ uime agus é ’n-a lán-ṁeaḃair, agus ṫáinig eagal orṫa.


Agus ḃí ag an mnaoi sin drifiúr dár ḃ’ainim Máire, agus do ṡuiḋ sí ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n-a ḃriaṫar.


Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’aigne agus duḃairt sé: Cad a ḃfuil de luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ i dtiġ m’aṫar agus a ndóiṫin aráin acu, agus mise anso ag fáġail ḃáis do’n ġorta!


Agus do ṫárla, tar éis trí lá go ḃfuaradar é sa teampul ’n-a ṡuiḋe ameasg na n-ollaṁ, ag éisteaċt leó agus ’ġá gceisdiú.


Agus ċóṁ luaṫ agus ṫánadar i dtír do riṫ ċuige fear n-a raiḃ deaṁan ann ar feaḋ mórán aimsire, agus ní raiḃ éadaċ uime, ná ní ḟanaḋ sé i dtiġ, aċ ins na tuamaíḃ.


Agus nuair ċonaic an luċt fosaiḋeaċta an níḋ a ṫárla, do riṫeadar agus d’innseadar, sa ċaṫair é agus ins na bailtiḃ.


Agus duḃairt sé: Fear Iúdaċ iseaḋ mise. i dTarsus Cilicia do rugaḋ mé, aċ sa ċaṫair seo iseaḋ do tógaḋ me, ag cosaiḃ Ġamaliéil, agus do múineaḋ mé do réir fírinne dliġe ár sínsear, ċóṁ seasaṁaċ do’n dliġe sin agus atáṫaoi-se go léir indiu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ