Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:30 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do ċeistiġ Íosa é agus duḃairt: Cad é an ainim atá ort? Agus duḃairt seisean: Leigión; mar ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus ċeistiġ Íosa é, ag ráḋ: Cad is ainm duit? Agus duḃairt seisean: Léigiún, óir ċuaiḋ mórán deaṁan isteaċ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus d’ḟiafruiġ Íosa ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean, Léigiún; óir do ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus dfiafruiḋ Iósa ḋé, ag ráḋ, Créd is ainm ḋuit? Agus a duḃairt seision, Leiġión: do bríġ go ndeaċádar mórán deaṁan a sdeaċ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:30
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An aṁlaiḋ is dóiġ leat náċ féidir dóṁ-sa a iarraiḋ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċúġam láiṫreaċ níos mó ’ná ḋá legión déag aingeal?


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus féaċ, do liúġadar agus duḃradar: Cad é sin dúinne ṫusa, a Íosa, a Ṁic Dé? Ar ṫáinís anso roim an aimsir ċun pionóis a ċur orainn?


Aċ nuair aiseiriġ sé ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, ṫaisbeáin sé é féin ar dtúis do Ṁáire Ṁagdalén, an ḃean as ar ḋíbir sé na seaċt ndeaṁain.


Ansan do ċeisdiġ sé é: Cad is ainim duit? Agus duḃairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonṁar sinn.


Agus raint ban a saoraḋ ó annspridíḃ agus ó ġalaraiḃ: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imṫiġ; na seaċt ndeaṁain aisti,


Óir ḃí sé ’ġá órdú do’n annsprid teaċt amaċ as an nduine. Óir do ḃeireaḋ sé air go minic; agus do ceangailtí é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ, agus do ḃriseaḋ sé na slaḃraí agus ċomáineaḋ an deaṁan amaċ fé’n ḃfásaċ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ