Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:25 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus duḃairt sé leo: Cá ḃfuil ḃur gcreideaṁ? Agus ḃí eagla agus iongantas orṫa, agus duḃairt siad le n-a ċéile: Cé h-é, dar leat, é seo, óir ḃeir sé órduġaḋ do ġaoṫa agus do ṁuir, agus géilleann siad dó?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus aduḃairt sé leo, Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Agus do ḃí eagla orṫa agus do ḃí iongnaḋ mór orṫa, agus iad g‐á ráḋ le n‐a ċéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaoṫaiḃ agus do na tonnaiḃ féin, agus go n‐uṁluiġid dó?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus a duḃairt sé ríu, Cáit an a ḃfuil ḃar gcreideaṁ? agus ar mbeiṫ le heagla ḋóiḃsion do ġaḃ iongnaḋ íad, ag ráḋ ré ċéile, Cia be so! a deir ris na gáoṫaiḃ agus ris a nuisge fós ḃeiṫ na dtoċd, agus úṁluiġid síad dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:25
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡín Íosa a láṁ, agus do rug sé láiṫreaċ air, agus duḃairt sé: Ó a ḟir gan puínn creidiṁ, cad ċuige ḋuit mearḃall a ṫeaċt ort?


Aċ ní curtar amaċ an sórd so aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.


Má ċuireann Dia maise de’n tsórd san ar ḟéar an tailiṁ, atá ann indiu, agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó go mór a ḋéanfaiḋ sé ḋaoiḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?


Agus nuair airiġ Íosa san do ḋein sé iongna ḋé; agus dúḃairt se leis an muíntir a ḃí ’ġá leanṁaint: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃfuaras a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.


Agus duḃairt Íosa leó: Cad is eagal daoiḃ, a ḋaoine gan puinn creidiṁ? Ansan d’eiriġ sé agus duḃairt sé leis an ngaoiṫ agus leis an ḃfaraige fanṁaint socair, agus ṫáinig ciúnas mór.


Agus duḃairt sé leó an lá san, nuair a ḃí an déanaiġe ann: Téiġmís anonn treasna.


Agus má éidiġeann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó ’ná san [éideóċaiḋ sé] siḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?


Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.


Agus do ṡeóladar an long go tír na nGerasénaċ atá ar aġaiḋ Ġaililí anonn.


Duḃairt Íosa léi: Ná duḃart leat má ċreideann tú go ḃfeicfir glóire Dé?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ