Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ag dul ċuige dóiḃ, ṁuscarl siad é, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, támuid dár gcailleaḋ. Agus ar éirġe dó-san, ḃagair sé ar an ġaoiṫ agus ar ċonfaḋ an uisce; agus stad siad, agus ṫáinic ciúineas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus ṫángadar ċuige, agus do ḋúisiġéadar é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, a Ṁáiġistir, atáimíd d’ár mbáḋaḋ. Agus do ḋúisiġ sé, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ agus ar ġargaint na tuinne: agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar ndol cuigesean dóiḃ, do ḋúisgeadar é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, a ṁaiġisdir, a támaoid ar fágḃáil. Agus ar neirġe ḋósan do ḃagair sé ar an gaoiṫ agus ar ṫonnġail a nuisge: agus do ċoisgeadar, agus tainic ciuinas ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:24
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ċonaic sé an ġaoṫ láidir agus ṫáinig eagal air; agus nuair a ṫusnuiġ sé ar ḋul fé uisge do liúiġ sé: A Ṫíġearna, ar seisean: saor mé.


Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige agus ḋúisiġeadar é. A Ṫiġearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn.


Agus d’eíriġ sé agus do smaċtuiġ sé an ġaoṫ agus duḃairt sé leis an ḃfaraige: Éist, bí ciúin.


Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.


Agus do ṡeasaiṁ sé os a cionn agus d’órduiġ sé do’n éagcruas imṫeaċt, agus d’imṫiġ an t-éagcruas di. Agus d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.


Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: A Ṁáiġistir, tá an oiḋċe caiṫte againn ag obair, agus níor ṫógamair aon níḋ; aċ ó deirir-se é sgaoilfad amaċ an líon.


Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ