Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 An ċuid áṁṫaċ, a ṫuit ameasg na sgeaċ, siniad an ṁuintir a d’airiġ an focal, aċ ag dul dóiḃ i ndiaiḋ cúraim agus saiḋḃris agus pléisiúir an tsaoġail múċtar iad agus ní ṫugaid siad toraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus an ċuid a ṫuit imeasc na ndreasóg, is iad sin an dream a ċuala, aċt ar imṫeaċt dóiḃ, múċtar iad le cúraim, le saiḋḃris agus le pléisiúirí an tsaoġail seo, agus ní ṫaḃrann siad aon toraḋ uaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:14
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ.


Agus tagann cúram an tsaoġail isteaċ, agus meallaḋ saiḋḃris, agus ainṁianta i dtaoḃ neiṫe eile, agus múċaid siad an briaṫar, agus curtar ó ṫoraḋ ṫaḃairt é.


Ní féidir d’aon tseirḃíseaċ rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir; óir beiḋ fuaṫ aige do ḋuine acu, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus cuirfiḋ sé neaṁṡuim sa duine eile. Ní féidir daoiḃ Dia d’ḟrioṫalaṁ agus mammon.


Aċ tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin sar a raġaḋ ḃúr gcroiḋṫe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoġail seo, agus go dtiocfaḋ an lá úd go h-obann oraiḃ.


Agus an ċuid a ṫuiteann ar an gcaraig, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal le h-áṫas nuair airiġid siad é; aċ ní ḃíd na préaċa acu san; creidid siad ar feaḋ tamaill agus i n-am an ċaṫa téiġid siad ar gcúl.


Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.


Agus do ṫuit tuille ḋe ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa i n-aonḟeaċt leis, agus ṁúċadar é.


An t-é ná fanfaiḋ ionam-sa, caiṫfar amaċ é mar ġéag, agus feóċfaiḋ sé; agus tógfar é agus caiṫfar sa teine é, agus loisgfar é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ