Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se rúndiaṁar ríġeaċta Dé a ḋ’aiṫint; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, i ḃfuirm soluídí, i dtreó go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus duḃairt sé leo: Is díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃeiṫ agaiḃ ar rúindiaṁra ríoġaċt Dé, aċt do’n ċuid eile i ḃfuirm fáiṫscéal, ionnas, ar ḟeiceáil dóiḃ, naċ ḃfeiceaḋ siad, agus ar ċluinstin dóiḃ, naċ dtuigeaḋ siad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:10
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: Is aoiḃinn duit, a Ṡímóin ṁic Ióna, óir ní feóil agus fuil a ḋ’ḟoillsiġ duit-se sin, aċ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais.


Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se eólus d’ḟáġail ar rúndiaṁ raiḃ ríġeaċta Dé, aċ do’n ṁuíntir sin atá lasmuiġ, deintear gaċ níḋ i soluídíḃ;


I dtreó ag féaċaint dóiḃ go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteaċt go n-aireóċaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís ċóiḋċe iompáil agus go maiṫfí a bpeacaí dóiḃ.


Do ḋall sé a súile, agus do ḋúr sé a gcroiḋe, sar a ḃfeicfidís le n-a súiliḃ agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís, agus go saorfainn iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ