Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárlá ina ḋiaiḋ sin gur ṫaisteal sé caṫraċa agus bailte, ag seanmóir agus ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċt Dé, agus mar aon leis an dáréag,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé tré ċaṫraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ beaga, ag seanmórú agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil ríoġaċta Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:1
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫárla, nuair a ḃí na h-órduiġṫe taḃarṫa ag Íosa d’á ḋáréag deisgiobul, gur imṫiġ sé as an áit sin ċun teagasg agus craoḃsgaoileaḋ ḋéanaṁ i n-a mbailtiḃ-sin.


Gaċ duine a ċloiseann briaṫar na ríġeaċta agus ná tuigeann é, tagann an droċ-spioraid agus tógann sé an síol a cuireaḋ ’n-a ċroíḋe sin. Siné an síol a cuireaḋ i n-aice an ḃóṫair.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta.


Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.


Agus d’fás an leanḃ agus do neartuiġ sé i spioraid agus ḃí sé ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa go dtáinig an lá ’n-a raiḃ air é féin a ṫaisbeáint i láṫair Israéil.


Agus do ṫárla, lá de sna láeṫantaiḃ sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craoḃsgaoileaḋ na tsoisgéil, go dtáinig uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí,


Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas,


Agus do ġluaiseadar amaċ mór-ṫímpal tré sna bailtiḃ ag craoḃsgaoileaḋ an tSoisgéil agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.


Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis.


Agus táimíd ’á ċur i n-iúil daoiḃse cad í an ġeallaṁaint a tugaḋ d’ár n-aiṫreaċaiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ