Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus nuair a d’airiġ Íosa an méiḋ sin ḋein sé iongna ḋe, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine a ḃí ’ġá leanṁaint, agus duḃairt sé leó: Go deiṁin a deirim liḃ, ní’l a leiṫéid sin de ċreideaṁ fáġalta agam i n-Israél féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus ar a ċluinstin sin do Íosa, ḃí iongantas air, agus ag tionntóḋ ṫart dó ċuig na sluaiġte a ḃí ġá leanaṁaint, duḃairt sé: Amén adeirim liḃ, ní ḟuair mé a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus nuair do‐ċuala Íosa an méid sin, ba iongnaḋ mór leis é, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an sluaġ do ḃí g‐á leanaṁain, Adeirim liḃ, Naċ ḃfuaras an oiread sin creidiṁ i nIsrael féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do ḃí iongnaḋ aige ann, agus ar ḃfilleaḋ ḋó, a duḃairt sé ris a tslúaġ do lean é, A deirim riḃ, Naċ ḃfuair mé a Nisrael féin, a ċoṁmór se do ċreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:9
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: A ḃean, is mór é do ċreideaṁ. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuiġeaḋ a h-inġean ó’n uair sin.


Agus nuair airiġ Íosa san do ḋein sé iongna ḋé; agus dúḃairt se leis an muíntir a ḃí ’ġá leanṁaint: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃfuaras a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.


Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél.


Agus na daoine a ṫáinig do ċuadar ṫar n-ais aḃaile, agus an seirḃíseaċ a ḃí ag dul ċun báis fuaradar leiġiste é.


Agus duḃairt seisean leis an mnaoi: Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu; imṫiġ i síoṫcáin.


Óir is duine mise atá socair fé smaċt, agus tá fir fé smaċt agam; agus deirim le fear, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’ṡeirḃíseaċ, Dein so, agus deineann sé é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ