Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:43 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar ṁaiṫ sé ḋó. Agus duḃairt sé leis: Tá do ḃreiṫ ceart.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 D’ḟreagair Síomon agus duḃairt: Creidim gurab é an té is mó ar ṁaiṫ sé dó. Agus duḃairt sé leis: Tá do ḃreiṫ ceart.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 D’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, Measaim gurb é an té d’ár ṁaiṫ sé an ċuid is mó. Agus aduḃairt seisean leis, Is maiṫ í do ḃreiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Agus ar ḃfreagra do Ṡímón a duḃairt sé, Measuim gur leis an té, dár ṁaiṫ sé an tsuim as mó Agus a duḃairt seision is, As maiṫ an ḃreaṫ rug tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:43
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac truaġ an máiġistir do’n tseirḃíseaċ san, agus do sgaoil sé ċun siuḃail é, agus do ṁaiṫ sé na fiaċa dó.


Agus nuair a ċonaic Íosa gur ḟreagair sé go ciallṁar, duḃairt sé leis: Ní’lir-se aḃfad ó ríġeaċt Dé. Agus mór leóṁaiġ aoinne é ċeisdiú as san amaċ.


Do ṫarla, agus iad ar an slíġ, go ndeaġaiḋ sé isteaċ i sráid, agus gur ġlac bean dár ḃ’ ainim Marta isteaċ ’n-a tiġ féin é.


Ní raiḃ an ċumas aoinne acu díoluiġeaċt a déanaṁ, agus do ṁaiṫ sé na fiaċa ḋóiḃ araon. Cé ’cu de’n ḃeirt is mó gráḋ ḋó?


Agus d’iompuiġ sé ċun na mná, agus dubairt sé le Símón: An ḃfeiceann tú an ḃean san? Ṫánag isteaċ ad’ ṫiġ-se, níor ṫugais-se ḋom uisge dom’ ċosaiḃ; aċ do niġ sí seo mo ċosa le n-a deóraiḃ, agus do ṫriomuiġ sí iad le n-a gruaig.


D’á ḃríġ sin adeirim leat: Táid a lán peacaí maiṫte ḋi tré ṁéid a gráḋa. An t-é, áṁṫaċ, d’á maiṫtear an beagán is beagán a ġráḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ