Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus ṡeasaiṁ sí lastiar i n-aice a ċos, agus ċrom sí ar a ċosaiḃ do niġe le n-a deóraiḃ, agus ar iad do ṫriomú le n-a gruaig, agus ḃi sí ag pógaḋ a ċos agus ag cimilt na h-ola ḋíoḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus ina seasaṁ taoḃ ṫiar de ag a ċosa, ṫoisiġ sí a niġe a ċos le n-a deora, agus á dtriomuġaḋ le gruaig a cinn, agus ḃí sí ag pógaḋ a ċos agus ġá gcuimilt leis an ungaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 agus ’n‐a seasaṁ ḋí taoḃ ṫiar de i n‐aice a ċos, do ṫionnscain sí ag fliuċaḋ a ċos le n‐a deoraiḃ, agus do ṫiormuiġ sí le gruaig a cinn iad, agus do ḃí sí ag pógaḋ a ċos, agus g‐á n‐ongaḋ leis an uinneimeint.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:38
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn do luċt ceannsaċta, mar isiad a ġeóḃaiḋ seilḃ na talṁan.


Agus d’imṫiġ Peadar amaċ agus do ġoil sé go duḃaċ.


Is aoiḃinn daoiḃ-se ar a ḃfuil an t-ocras anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃúr sáiṫ. Is aoiḃinn daoiḃ-se atá anois ag gol, óir gáirfiḋ siḃ.


Agus féaċ ḃí bean a ḃí ’n-a peacaċ sa ċaṫair, agus fuair sí amaċ go raiḃ sé ag caiṫeaṁ bíḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ agus ṫug sí léi alabastrom ola,


Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.


B’í sin Máire do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ