Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:37 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus féaċ ḃí bean a ḃí ’n-a peacaċ sa ċaṫair, agus fuair sí amaċ go raiḃ sé ag caiṫeaṁ bíḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ agus ṫug sí léi alabastrom ola,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Agus féaċ, bean a ḃí ma peacaċ san ċaṫair, nuair a b’eol dí go raiḃ sé ag caiṫeaṁ bíḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ, ṫug sí léi bocsa alabastair d’ungaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus féaċ, bean de’n ċaṫair, peacaċ, nuair do ḃí a ḟios aici go raiḃ sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ, ṫug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus, féuċ, an tráṫ fúair bean don ċatbraiġ, do ḃí na peaċṫaċ, a ḟios go raiḃ sé na ṡuiḋe ag bíaḋ a dtíġ an ṗairisiniġ, tug si bocsa ola lé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:37
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Duḃradar-san: An ċéad ḟear. Duḃairt Íosa leó: Go deiṁin adeirim-se liḃ-se, raġaid na puibliocánaiġ agus na striapaċa isteaċ i ḃflaṫas Dé róṁaiḃ-se.


Agus do ṡeasaiṁ an puibliocánaċ aḃfad amaċ, agus níor ḃ’áil leis a ṡúile aṁáin d’iompáil suas ċun na ḃflaṫas, aċ é ag bualaḋ a uċta agus a’ ráḋ: A Ḋia, déin trócaire orm óir is peacaċ mé.


Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?


Ní ċun fíoraon do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe a ṫánag, aċ ċun peacaċ do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe.


Ṫáinig Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól; agus deirṫí-se, Féaċ an fear craosaċ, fear an ḟíona ḋ’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ.


Agus d’iarr duine de sna Fairisíniġ air dul agus bia ċaiṫeaṁ i n’ ḟoċair; agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an Ḟairisíniġ, agus do ṡuiḋ sé ċun búird.


B’í sin Máire do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite.


Ansan do ġlaoḋadar airís ar an nduine a ḃí ’n-a ḋall, agus duḃradar leis: Taḃair glóire do Ḋia. Is eól dúinne gur peacaċ an duine sin.


Tá ḟios againn, áṁṫac, ná h-éisteann Dia le luċt peacaí ḋéanaṁ; aċ má ṫugann duine onóir do Ḋia agus má ḋeineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ