Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ṫáinig Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól; agus deirṫí-se, Féaċ an fear craosaċ, fear an ḟíona ḋ’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Ṫáinic Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól, agus deir siḃ: Féaċ, duine craosaċ, póitire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Ṫáinig Mac an Duine, agus é ag iṫe agus ag ól; agus adeir siḃ, Féaċ, an duine craosaċ, pótaire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól; agus a deirṫí, Feuċ an duine cráosaċ, fioníoḃaiġe cara na bpuibliocán agus na bpeaċṫaċ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:34
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus deirid siad: Féaċ, an duine craosaċ agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ. Agus ġeiḃeann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.


Óir má ṫugann siḃ gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋaoiḃ cad é an tuarasdal a ḃeiḋ agaiḃ? Ná deinid na puibliocánaiġ féin an méid sin?


Nuair a ċonaic na Fairisíniġ an níḋ sin duḃradar le na ḋeisgiobuil: Cad ċuige go n-iṫeann ḃúr máiġistir bia i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?


Agus an ḟaid a ḃí sé ag ċaint, d’iarr duine de sna Fairisíniġ air dul agus bia ċaiṫeaṁ i n’ḟoċair. Agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṡuiḋ sé ċun bíḋ.


Agus do ṫárla go ndeaġaiḋ Íosa isteaċ i dtiġ uaċtaráin do sna Fairisíniġ sa tsabbóid ċun bíḋ a ċaiṫeaṁ, agus go raḃadar san ag faire air.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.


Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt.


Agus do ḋein Leḃí féasta mór dó ’n-a ṫiġ, agus ḃí cuideaċta ṁór ann de ṗuibliocánaiġ agus de ḋaoine eile a ḃí ’n-a suiḋe ċun bíḋ ’n-a ḃfoċair.


Óir do ṫáinig Eóin Baiste agus ní raiḃ sé ag iṫe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirṫí-se, Tá deaṁan ann.


Agus tá an eagna ceartuiġṫe ó n-a clann féin go léir.


Agus d’iarr duine de sna Fairisíniġ air dul agus bia ċaiṫeaṁ i n’ ḟoċair; agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an Ḟairisíniġ, agus do ṡuiḋ sé ċun búird.


Agus ḋeineadar féasta ḋó ann, agus ḃí Marta ag frioṫálaṁ, agus duine de’n ċuideaċtain a ṡuiḋ ċun bíḋ i n’ḟoċair ab eaḋ Lasarus.


Agus ḃí cuireaḋ fáġalta ag Íosa, leis, agus agá ḋeisgiobuil, ċun na baineise.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ