Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan d’ḟreagair sé iad-san agus duḃairt leó: Téiġiḋ ṫar n-ais agus innsiḋ d’Eóin cad a ċloiseaḃair agus cad a ċonacaḃair; raḋarc ’á ṫaḃairt do ḋallaiḃ, siuḃal do ḃacaċaiḃ, na loḃair d’á nglanaḋ, éisteaċt ’á ṫaḃairt do ḃoḋaraiḃ, na mairḃ ag aiseiriġe, an soisgéal d’á ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Imṫiġigiḋ agus innsigiḋ do Eoin na neiṫe a ċuala siḃ agus a ċonnaic siḃ, go ḃfuil raḋarc ag na daill, go ḃfuil siuḃal ag na bacaiġ, go nglantar na loḃair, go ḃfuil éisteaċt ag an boḋair, go n-éiriġeann na mairḃ, go ḃfuil an soiscéal dá ṫeagasc do na boċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Ar nimṫeaċd díḃ, innisiḋ Deóin na neiṫe do ċonncaḃair agus do ċúalaḃair; go ḃfaicid na daill, go siuḃlaíd na bacuiḋ, go nglantar na loḃair, go gċimid na boḋair, go néirġid na mairḃ, go ḃfuil an soisgéul dá ṡeanmóir do na boċdaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:22
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampul, agus do leiġis sé iad.


Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas,


Agus an uair ċéadna san do leiġis sé mórán daoine ó n-a ngalaraiḃ agus ó n-a gcneaḋaiḃ, agus ó annspridíḃ, agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall.


Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sgannal umam-sa.


Agus duḃairt Natanaél: An féidir aon níḋ fóġanta ṫeaċt ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.


Ċun a súl a osgailt dóiḃ ionus go n-iompóċaidís ó’n ndoirċeaċt ċun an tsoluis agus ó ċóṁaċt Ṡátain ċun Dé, ionus go ḃfaiġdís maiṫeaṁnaċas peacaí agus inead ameasg naoṁ tríd an gcreideam atá ionamsa.


Mar ḃí a lán acu ’na raiḃ spioraidí truailliġṫe ionta agus go n-imṫíġdís asta ag éiġeaṁ go h-árd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ