Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus an uair ċéadna san do leiġis sé mórán daoine ó n-a ngalaraiḃ agus ó n-a gcneaḋaiḃ, agus ó annspridíḃ, agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus an uair ċéadna sin leiġeas sé mórán ó ġalair agus ó ċréaċta agus ó airspioraid, agus ṫug sé an t-aṁarc do ṁórán dall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar an uár sin fein do ċlánuiġ seisean mórán dáoine ó easláintiḃ agus ó ṗláiġiḃ, agus ó ḋroċ spioraduiḃ; agus ṫug sé á raḋarc do ṁórán dall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:21
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Óir ḃí mórán daoine aige ’á leiġeas, agus ḃí na daoine go raiḃ aon ġearán orṫa ag brúṫ isteaċ air a d’iarraiḋ teangaḃáil leis;


Agus do ṫriomuiġ sruṫ a cod’ fola an neómat san, agus d’aiṫin sí ar a colainn go raiḃ sí leiġiste ó’n ngearán.


Agus duḃairt seisean léi: A ’nġean ó, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ó’n ngearán.


Agus nuair a ṫánadar na fir ċuige duḃradar: Ċuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ġá ráḋ: An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ