Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ġoir Eoin ċuige beirt dá ḋeisciobail, agus ċuir sé ċuig Íosa iaḋ, a ráḋ: An tusa an té atá le ṫeaċt, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ġlaoḋ Eoin ċuige beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus do ċuir sé ċum an Tiġearna iad, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:19
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag, agus ṫosnuiġ sé ar iad do ċur uaiḋ ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus ṫug sé ḋóiḃ cumas ar na spioraidíḃ truailliġṫe.


Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann.


Agus do ṫarla, agus é i n-áit áiriṫe ag déanaṁ úrnuiġṫe, go nduḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis nuair a stad sé: A Ṫiġearna, teagaisg dúinn conus úrnuiġṫe déanaṁ fé mar a ṫeagaisg Eóin d’á ḋeisgiobuil.


Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.


Agus duḃairt an Tiġearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíoḃard dílis ciallṁar á ċuir an Tiġearna os cionn a ṫeaġlaiġ ċun a dtóṁais cruiṫneaċtan a ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?


Agus d’ḟreagair an Tiġearna é agus duḃairt sé: A ċealgairí, ná sgaoileann gaċ aoinne agaiḃ-se a ḃó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé ċun uisge iad, lá na sabbóide?


Agus duḃairt na h-Aspoil leis an dTiġearna: Méaduiġ creideaṁ dúinn.


Agus duḃairt an Tiġearna: Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ.


Agus duḃairt an Tiġearna leó: Cloiseann siḃ cad duḃairt an breiṫeaṁ ainċeart;


Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.


Agus d’iompuiġ an Tiġearna agus d’ḟéaċ sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt an Tiġearna: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ séanfir-se mise trí h-uaire.


Agus: Tá an Tiġearna eiriġṫe go deiṁin, agus ṫaisbeáin sé é féin do Ṡímón, ar siad.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus nuair a ṫánadar na fir ċuige duḃradar: Ċuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ġá ráḋ: An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


B’í sin Máire do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite.


Nuair a ċonaic Íosa gur airiġ na Fairisíniġ go raiḃ níos mó deisgiobul ag Íosa ’á ḋéanaṁ agus ’á ḃaisteaḋ ’ná mar a ḃí ag Eóin


Duḃairt an ḃean leis: Tá ḟios agam go ḃfuil an Messias ag teaċt, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a ṫiocfaiḋ sé sin neósfaiḋ sé gaċ aon rud dúinn.


Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ