Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ṫáinic eagla orṫa uilig, agus ṫug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: D’éiriġ fáiḋ mór i n-ár measc, agus ḋearc Dia ar a ṁuinntir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:16
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

I dtreó go raiḃ iongnaḋ ar na sluaiġte nuair a ċonacadar na daoine a ḃí balḃ ag caint, agus na daoine a ḃí bacaċ ag siúḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ; agus do ṁoladar Dia Israéil.


Agus deireaḋ na daoine: Sidé Íosa an fáiḋ ó Nasaret Ġaililí.


Agus d’imṫiġeadar amaċ go tapaiḋ ó’n uaiġ, agus ḃi eagla mór orṫa agus áṫas mór, agus iad ag ruiṫ ċun an sgéil a ḋ’innsint dos na deisgiobuil.


Agus ṫáinig eagla ar an sluaġ nuair a ċonacadar an níḋ sin, agus do ṁoladar Dia a ṫug a leiṫéid sin de ċóṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus ṫáinig eagla air na cóṁarsain go léir, agus do h-innseaḋ na neiṫe sin uile ar fuid sléiḃte Iúdaéa ar fad.


Molaḋ leis an dTiġearna, Dia Israéil, óir d’ḟéaċ sé ċun a ḋaoine agus ḋein sé a slánú;


Agus déanfaid siad ṫu ṫreasgairt ar an dtalaṁ, tu féin agus do ċlann atá ionat, agus ní ḟágfaid siad cloċ ar muin cloiċe ionat, toisg nár aiṫniġis an t-am ’n-a dtáinig Dia ċúġat.


Agus d’ḟill na h-aoḋairí agus ṫugadar molaḋ agus glóire do Ḋia mar ġeall ar a ḃfeacadar agus ar ar ċloiseadar, fé mar a duḃraḋ leó.


Agus duḃairt sé leó: Cad iad na neiṫe? Agus duḃradar: I dcaoḃ Íosa Nasareit a ḃí i n-a ḟáiḋ, cóṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine,


Agus ṫáinig uaṫḃás ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag taḃairt glóire do Ḋia; agus ḃíodar lán d’eagla agus deiridís: Ċonacamair neiṫe iongantaċa indiu.


Nuair a ċonaic Símón Peadar an níḋ sin do ċaiṫ sé é féin ag glúiniḃ Íosa, agus duḃairt: Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé.


Agus d’eiriġ an duine marḃ ’n-a ṡuiḋe agus ċrom sé ar ċaint. Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é.


Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.


Agus d’iarr pobul na nGerasénaċ go léir air imṫeaċt uaṫa, mar ḃí eagla ana-ṁór orṫa. Agus ċuaiḋ sé an bórd na luinge agus ṫáinig sé ṫar n-ais.


Agus d’ḟreagradar-san agus duḃradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab aṁlaiḋ a ḋ’eiriġ duine de sna sean-ḟáiḋiḃ.


Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cad eile má ’seaḋ? An tu Elias? Agus duḃairt sé: Ní mé. An tu an fáiḋ?


Agus do ċeistiġeadar é, agus duḃradar leis: Cad ċuige go ndeineann tú baisteaḋ mura tu Críost ná Elias, ná an fáiḋ?


Duḃairt an ḃean leis: A uasail, ċím gur fáiḋ tu.


Ansan, nuair a ċonaic na daoine sin gur ḋein Íosa an ṁírḃúilt, duḃradar: Gan aṁras isé an fear so an fáiḋ atá le teaċt sa doṁan.


Agus duḃradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a ḋ’osgail do ṡúile? Duḃairt seisean: Fáiḋ iseaḋ é.


Nuair airiġ Ananías na focail sin do ṫuit sé agus fuair sé ḃás. Agus ṫáinig eagla mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis an níḋ sin.


Isé an Ṁaois sin aduḃairt le clainn Israéil: Tógfaiḋ Dia ċúġaiḃ fáiḋ d’ḃúr mbráiṫriḃ, mar mise; éistfiḋ siḃ leis sin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ