Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ṫáinig sé agus ċuir sé a láṁ ar an gcóṁrainn. (Agus do stad an ṁuintir a ḃí ag iompar na cóṁran.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, eiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ṫáinic sé ar aġaiḋ agus ċuir sé a láṁ ar an ċróċar. (Agus ṡeasuiġ na daoine a ḃí ag iomċar.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus táinig sé agus do ċuir sé a láṁ ar an gcróċar: agus do stad an luċt iomċair Agus aduḃairt sé, A óigḟir, adeirim leat, Éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus táinic sé agus do ḃean sé ris an gcoṁraiḋ: (agus do ṡeasadar an luċd do ḃí agá iomċar) agus a duḃairt sé; A ógánaiġ, a deirim riot, éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rug sé ar láiṁ ar an gcailín agus duḃairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar ṁíniú, Eiriġ, (adeirim leat) a ċailín.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus d’eiriġ an duine marḃ ’n-a ṡuiḋe agus ċrom sé ar ċaint. Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é.


Agus do leaṫ an focal san amaċ ’n-a ṫaoḃ tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúṫaiġ mór-ṫímpal;


Duḃairt Íosa léi: Is mise an aiseiriġe agus an ḃeaṫa; an t-é a ċreideann ionam-sa, má ġeiḃeann sé bás féin, beiḋ sé beó;


Óir, fé mar a ṫógann an t-Aṫair na mairḃ agus ḋeineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an ṁuintir is toil leis.


Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóċaid na mairḃ guṫ Ṁic Dé, agus an ṁuintir a ḋ’aireóċaiḋ beid siad beó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ