Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ċonnaic an Tiġearna í, bogaḋ é le truaiġe dí, agus duḃairt sé léi: Ná caoin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair do ċonnaic an Tiġearna í, do ġaḃ truaġ ḋí é, agus aduḃairt sé léi, Ná bí ag gol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:13
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá truaġ agam do’n tsluaġ, mar, féaċ, táid siad am’ ḟoċair le trí lá, agus ní’l aon rud le n-iṫe acu;


Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann.


Agus do ṫarla, agus é i n-áit áiriṫe ag déanaṁ úrnuiġṫe, go nduḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis nuair a stad sé: A Ṫiġearna, teagaisg dúinn conus úrnuiġṫe déanaṁ fé mar a ṫeagaisg Eóin d’á ḋeisgiobuil.


Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.


Agus duḃairt an Tiġearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíoḃard dílis ciallṁar á ċuir an Tiġearna os cionn a ṫeaġlaiġ ċun a dtóṁais cruiṫneaċtan a ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?


Agus d’ḟreagair an Tiġearna é agus duḃairt sé: A ċealgairí, ná sgaoileann gaċ aoinne agaiḃ-se a ḃó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé ċun uisge iad, lá na sabbóide?


Agus duḃairt na h-Aspoil leis an dTiġearna: Méaduiġ creideaṁ dúinn.


Agus duḃairt an Tiġearna: Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ.


Agus duḃairt an Tiġearna leó: Cloiseann siḃ cad duḃairt an breiṫeaṁ ainċeart;


Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.


Agus d’iompuiġ an Tiġearna agus d’ḟéaċ sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt an Tiġearna: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ séanfir-se mise trí h-uaire.


Agus ċuadar isteaċ agus ní ḃfuaradar corp an Tiġearna Íosa.


Agus: Tá an Tiġearna eiriġṫe go deiṁin, agus ṫaisbeáin sé é féin do Ṡímón, ar siad.


Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċun geata na caṫaraċ, féaċ, ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aonṁac a ḃí agá ṁáṫair, agus baintreaċ ab eaḋ an ṁáṫair; agus ḃí soċraid ṁór de ṁuintir na caṫaraċ léi.


Agus ṫáinig sé agus ċuir sé a láṁ ar an gcóṁrainn. (Agus do stad an ṁuintir a ḃí ag iompar na cóṁran.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, eiriġ.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


Agus ḃí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaiḋ. Agus duḃairt sé leó: Ná bíḋiḋ ag gol; ní marḃ atá an cailín, aċ ’n-a codla.


B’í sin Máire do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite.


Agus do ċuir an ḃeirt driféar teaċtaireaċt ċuige ’ġá ráḋ: A Ṫiġearna, féaċ, an t-é is ionṁuin leat tá sé breóite.


Duḃradar léi: A ḃean, cad fé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Duḃairt sí leó: Mar do ṫógadar mo Ṫiġearna, agus ní ḟeadar cár ċuireadar é.


Duḃairt Íosa léi: A ḃean, cad sé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Cé atá uait? Ċeap sisi gur ġárdnóir é, agus duḃairt sí leis: A ḋuine ṁacánta, má’s tusa a ṫóg é, innis dam cár ċuiris é, agus béarfad liom é.


Nuair a ċonaic Íosa gur airiġ na Fairisíniġ go raiḃ níos mó deisgiobul ag Íosa ’á ḋéanaṁ agus ’á ḃaisteaḋ ’ná mar a ḃí ag Eóin


Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ