Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus duḃairt Íosa leó-san: Cuirim an ċeist seo ċúġaiḃ, cé ’cu is cóir maiṫ a ḋéanaṁ nó olc a ḋéanaṁ sa tsabbóid, anam do ṡaoraḋ nó é ṁilleaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus duḃairt Íosa leo: Fiafruiġim díḃ, an cóir maiṫ a ḋéanaṁ ar an tsabóid, nó olc; anam a ṡáḃáil, nó a ṁilleaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus d’éiriġ sé agus do ṡeas. Agus aduḃairt Íosa leo, Fiafruiġim díḃ, Ciaca is cóir maiṫ do ḋéanaṁ, nó olc do ḋéanaṁ, ar an tsabóid, anam duine do ṡlánú, nó do ṁilleaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ann sin a duḃairt Iósa ríusan, Fíafróċaiḋ misi ḋíḃsi ní áiriġe An cóir maiṫ do ḋeanaṁ, nó olc ḋéanaṁ sá tsábbóid? anum do ṡáḃáil, nó do sgrios?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:9
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaġṫaċ, maiṫ a ḋéanaṁ nó olc a ḋéanaṁ sa tsabbóid? anam duine do ṡaoraḋ nó do ṁilleaḋ? Níor laḃradar-san focal.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis an luċt dlíġe agus leis na Fairisíniġ: An ceart leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid?


Agus d’ḟéaċ sé orṫa sa tímpal, agus duḃairt leis an nduine: Sín amaċ do láṁ. Do ṡín; agus ḃí sí slán aige.


Aċ ḃí ḟios a smuínte aige, agus duḃairt sé leis an nduine n-a raiḃ an láṁ ṡeirgṫe aige: Eiriġ, agus seasaiṁ i lár baill. Agus d’eiriġ agus do ṡeasaiṁ.


Ní ċun anamnaċa do ṁilleaḋ a ṫáinig Mac an Duine, aċ ċun iad do ṡáḃáil. Agus d’imṫiġeadar go baile eile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ