Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do ṫárla, lá eile sabbóide, go ndeaġaiḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus go raiḃ sé ag teagasg; agus ḃí duine ann agus ḃí a láṁ ḋeas seirgṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ṫárla ar ṡabóid eile fosta go ndeaċaiḋ sé isteaċ san tsineagóig agus go raiḃ sé ag teagasc; agus ḃí duine annsin, agus ḃí a láṁ ḋeas seargṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus ṫarla, sabóid eile, go ndeaċaiḋ sé isteaċ sa tsionagóig, agus go raiḃ sé ag teagasc: agus do ḃí fear ann go raiḃ a láṁ ḋeas seargṫa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeaċuiḋ seisean a sdeaċ don tsinagóg agus gur ṫeaguisg sé: agus do ḃí óglaċ ann sin agá raiḃ a láṁ ḋeas ar na seargaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:6
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus ḃíoḋ sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidiḃ.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis an luċt dlíġe agus leis na Fairisíniġ: An ceart leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid?


Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.


Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid.


Agus do ṫárla go raiḃ sé ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair an tarna céad-ṡabbóid, agus go raiḃ na deisgiobuil ag staṫaḋ na ndias agus ’ġá gcimilt idir a mbasaiḃ agus ’ġá n-iṫe.


Agus duḃairt sé leó: Is tiġearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.


Agus ḃíoḋ ionta san cruinniú mór de ḋaoiniḃ laga, de ḋallaiḃ, de ḃacaċaiḃ, de ḋaoine crapaiṫe, agus iad ag feiṫeaṁ le coruiġe an uisge.


Agus duḃairt cuid de sna Fairisíniġ; Ní h-ó Ḋia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus duḃairt tuille acu: Conus is féidir do ḋuine ṗeacaṁail na mírḃúiltí seo déanaṁ? Agus ḃí siosma eatarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ