Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:48 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Is cosṁail é le fear a ḃí ag déanaṁ tiġe agus do róṁar sé síos go doiṁinn gur ċuir sé an ċloċ-ḃuinn ar an gcaraig; agus ṫáinig an tuile agus do buaileaḋ an tiġ sin go dian aċ níor coruiġeaḋ é, mar ḃí sé daingean ar an gcaraig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Is cosaṁail é le duine ag cógáil tiġe, a ṫoċail go doṁain agus a leag an duḃṡraiṫ ar an ċarraig; agus nuair a ṫáinic an tuile, ḃuail an sruṫ go tréan fá’n tiġ sin, agus ní raiḃ sé i n-inniṁ é ċorruġaḋ; óir ḃí sé bunuiġṫe ar an ċarraig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 is cosṁail é le fear do ḃí ag tógáil tiġe, agus do ṫoċail go doiṁin síos sa talaṁ, agus do ċuir an bun ar an gcarraig: agus nuair ṫáinig an tuile, do ḃuail an raḃarta i gcoinniḃ an tiġe sin, agus níor ḟéad sé a ċorrú: óir do ḃí sé tógṫa go daingean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 As cosṁuil é ré neaċ do ṫóg a ṫiġ, agus do ṫoċail, agus do ċúaiḋ go doṁuin a dtaluṁ, agus do ċuir a ṡocruġaḋ ar ċarruig: agus mar ṫáinig an tuile, do ḃúail an sruṫ go fíoċṁar fán dtiġ úd, aċd níor ḃéidir leis a ċorruġaḋ: óir do ḃí sé socruġṫe ar ċarruig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:48
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Gaċ duine a ṫagann ċúġam-sa agus d’éisteann le m’ ċaint agus a ḋeineann d’á réir taisbeánfad daoiḃ cé leis gur cosṁail é:


Aċ an t-é a ċloiseann agus ná deineann, is cosṁail é leis an ḃfear a ḋein a ṫiġ ar an gcré gan ċloiċ ḃuinn, agus gur ḃuail an tuile ’n-a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé láiṫreaċ, agus ba ṫiubaisteaċ é tuitim an tiġe sin.


Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ síoṫċain agaiḃ ionam-sa. Beiḋ trioblóid sa tsaoġal agaiḃ; aċ glacaiḋ misneaċ, tá buaiḋte agam-sa ar an saoġal.


agus do ċuireadar sagairt fé ġráḋaiḃ dóiḃ ins gaċ eaglais, agus ḋeineadar úrnuiġṫe agus trosgaḋ, agus ansan ṫugadar suas do’n Tiġearna iad, óir do ċreideadar ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ