Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:47 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Gaċ duine a ṫagann ċúġam-sa agus d’éisteann le m’ ċaint agus a ḋeineann d’á réir taisbeánfad daoiḃ cé leis gur cosṁail é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Gaċ aoinneaċ dá dtig ċugam-sa, agus a éisteas le mo ḃriaṫra, agus a ġní dá réir, taisbeánfaiḋ mé díḃ cé leis ar cosaṁail é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Gaċ duine ṫig ċugamsa, agus éisteas lem’ ḃriaṫraiḃ, agus do‐ġní d’á réir, taisbeánfad daoiḃ cia leis gur cosṁail é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Gaċ uile neaċ ṫig ċugamsa, agus éisdeas rém ḃríaṫṫruiḃ, agus do ní ḋá reir, foillséoċuiḋ mé ḋáoiḃsi cía ré ar cosṁuil é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:47
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir pé duine a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar-sa atá ins na flaṫais, siné is bráṫair agus siúr agus máṫair agam-sa.


Le linn na cainte sin do ráḋ ḋó, féaċ, do ċlúdaiġ sgamall soillseaċ iad; agus féaċ, guṫ as an sgamall, agus duḃairt: Sidé mo Ṁac dílis ar a ḃfuil mo ġreann: éistiḋ leis.


Aċ duḃairt seisean: Abair, áṁṫaċ, is beannuiġṫe an ṁuintir a ċloiseann briaṫar Dé agus do ċoimeádann é.


Má ṫagann duine ċúġam-sa agus gan fuaṫ aige d’á aṫair agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi agus d’á ċlainn, agus d’á ḋriṫáraċa agus d’á ḋriféaraċa, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam.


Is cosṁail é le fear a ḃí ag déanaṁ tiġe agus do róṁar sé síos go doiṁinn gur ċuir sé an ċloċ-ḃuinn ar an gcaraig; agus ṫáinig an tuile agus do buaileaḋ an tiġ sin go dian aċ níor coruiġeaḋ é, mar ḃí sé daingean ar an gcaraig.


Agus an ċuid a ṫuiteann ar an gcaraig, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal le h-áṫas nuair airiġid siad é; aċ ní ḃíd na préaċa acu san; creidid siad ar feaḋ tamaill agus i n-am an ċaṫa téiġid siad ar gcúl.


Agus do ṫuit tuille de sa talaṁ fóġanta agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ fó ċéad. Nuair a duḃairt sé an méid sin do laḃair sé árd: An t-é go ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air cloiseaḋ sé.


Éistid mo ċaoíre-se le m’ ġlór, agus aiṫniġim-se iad, agus leanaid siad mé.


Má tá ḟios agaiḃ na neiṫe sin, is aoiḃinn daoiḃ má ḋeineann siḃ iad.


Má tá gráḋ agaiḃ dom coimeádaiḋ m’aiṫeanta.


Agus ní h-áil liḃ teaċt ċúġam i dtreó go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ.


Ansan duḃairt Íosa leó: Mise arán na beaṫa; an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam-sa ní ḃeiḋ ocras air; agus an t-é a ċreidfiḋ ionam-sa ní ḃeiḋ tart air ċoiḋċe.


Gaċ níḋ d’á ḃfuil taḃarṫa ḋóṁ-sa ag m’ Aṫair tiocfaiḋ sé ċúġam, agus an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam ní ċaiṫfead amaċ é.


Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Tá ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionat. Tá Ábraham marḃ, agus na fáiḋe, agus deirir-se, Má ċoimeádann duine mo ḃriaṫar-sa ní ḃlaisfiḋ sé bás go deó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ