Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Aċt gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ agus taḃairigiḋ iasaċt, gan a ḃeiṫ ag súil le dadaṁ dá ḃárr, agus béiḋ luaċ saoṫair mór agaiḃ, agus béiḋ siḃ ḃur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maiṫ do ḋaoine a ḃíos díombuiḋeaċ agus olc,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:35
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána ḋéanaṁ, mar is orṫa taḃarfar clann Dé.


Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.


Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó.


Ḃíḋiḋ, d’á ḃríġ sin, atruaġaċ fé mar atá ḃúr n-Aṫair atruaġaċ.


As san iseaḋ a ḋ’ aiṫneóċaid na daoine go léir gur siḃ mo ḋeisgiobuil-se, má ḃíonn gráḋ agaiḃ d’á ċéile.


As so a tugtar glóire do m’Aṫair, siḃ-se do ṫaḃairt mór-ṫoraḋ uaiḃ, agus siḃ a ḃeiṫ i nḃúr ndeisgiobuil agam-sa.


Agus bíoḋ gus laḃradar mar sin is ar éigin ḟéadadar na daoine do ċosg ar íḋbirt a ḋéanaṁ ċúċa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ