Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus má ṫugann siḃ iasaċt do’n ṁuintir ó n-ar dóiġ liḃ go mbeiḋ iasaċt le fáġail agaiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Óir tugaid na peacaċa iasaċtaí uaṫa do ṗeacaċaiḃ ag súil le n-a gcoṫrom a ḋ’ḟáġail ṫar n-ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus má ḃeir siḃ iasaċt dóḃṫa sin ó n-a ḃfuil súil agaiḃ é d’ḟaġáil ṫar ais, cad é an buiḋeaċas a ḃíos oraiḃ? Óir ḃeir peacaiġ lasaċt do ṗeacaiġ ċun a gcoṫrom d’ḟaġáil ṫar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus má ḃeir siḃ iasaċt dóiḃ‐sean gur dóiġ liḃ go ḃfaiġiḋ siḃ niḋ uaṫa, cad é an buiḋeaċas atá ag dul daoiḃ? Óir do‐ḃeir na peacaiġ féin iasaċt uaṫa ċum an oiread céadna d’ḟáġáil ar ais arís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus dá dtugṫáoi áirleagaḋ dona dáoiniḃ ó a sáoltí a ḟaġáil a rís, créud é an buiḋeaċus ḃias oruiḃ? óir do ḃeirid na peaċṫaiḋ áirleagaḋ do na peaċṫaċaiḃ, do ċum go ḃfuiġdís a leiṫeid a rís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:34
5 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An t-é a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má’s mian le duine iasaċt do lorg ort ná h-iompuiġ uaiḋ.


Agus má ḋeineann siḃ maiṫ do’n ṁuintir a ḋeineann maiṫ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Ar ndó deinid na peacaċa an níḋ sin.


Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ