Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:30 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Gaċ aoinne a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má ḃeireann duine do ċuid uait ná h-éiliṁ ṫar n-ais air é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Taḃair do gaċ aoinneaċ a iarras ort, agus ná h-iarr ṫar ais do ċuid féin ar an té a ḃeir uait é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Taḃair dó‐san iarras niḋ ort; agus an té ṫógas do ċuid uait, ná h‐éiliġ air arís é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus taḃuir do gaċ neaċ íarrus ort; agus ón te ṫógḃás do ċuid úait ná híarr air ais é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:30
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus sin mar a ḋéanfaiḋ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais liḃ-se é mura maiṫfiḋ gaċ duine agaiḃ d’á ḃráṫair, ó ċroiḋe.


Aċ deirim-se liḃ-se gan cur i n-aġaiḋ uilc; aċ má ḃuaileann duine ṫú ar an leacain ndeis, iompuiġ an leaca eile ċuige, leis.


Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta, mar ṁaiṫimíd-ne do ċáċ a ċiontuiġeann i n-ár n-aġaiḋ.


Aċ ċeana, d’á ḃfuil agaiḃ tugaiḋ déirc uaiḃ, agus féaċ, tá gaċ níḋ glan daoiḃ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ agus tugaiḋ déirc uaiḃ; deiniḋ daoiḃ féin sparáin ná críonfaiḋ, stór ins na flaṫais ná caillfiḋ oraiḃ; ná guidfiḋ biṫeaṁnaċ uaiḃ; ná millfiḋ leóṁan oraiḃ.


Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus an t-é a ḃuailfiḋ ṫu ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile; agus má ḃeireann duine do ḃrat uait, leig leis do ċasóg ċóṁ maiṫ.


Agus fé mar ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine liḃ deiniḋ-se leó.


Tugaiḋ uaiḃ, agus taḃarfar daoiḃ: tóṁas maiṫ, díngṫe, croiṫte, cruaċta, iseaḋ ċuirfid siad i nḃúr n-uċt ċúġaiḃ. Óir mar a ṫóṁaisfiḋ siḃ uaiḃ iseaḋ a tóṁasfar ċúġaiḃ ṫar n-ais.


Tá gaċ aon níḋ taisbeánta agam daoiḃ, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóiriṫint ar na daoine laga, agus cuiṁneaṁ ar ḃriaṫar an Tiġearna Íosa mar go nduḃairt sé féin: Is mó an t-aoiḃneas go mór rud a ḃronnaḋ ná rud a ġlacaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ