Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an níḋ a ḋein Dáiḃid nuair a ḃí an t-ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n’ḟoċair?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfeagairt: An é nár léiġ siḃ an níḋ seo a rinne Dáiḃiḋ, nuair a ḃí ocras air féin agus ar an méid a ḃí ina ċuideaċta?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, An é nár léiġeaḃar i dtaoḃ Ḋáiḃi, an tráṫ ’n‐a raiḃ ocras air féin, agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, An né nár leuġaḃuirsi an ní so, do rinne Dáiḃi, an tan do ḃí ocrus air féin, agus ar an ṁuinntir do ḃí na ḟarraḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:3
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟreagair sé iad, agus duḃairt: Nár léiġeaḃair, an t-é ċruṫuiġ an duine ar dtúis, gur ċruṫuiġ sé iad firean agus bainean, agus duḃairt sé:


Agus duḃradar leis: An airiġeann tú cad ’deir siad san? Agus duḃairt Íosa leó: Airiġim; an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair riaṁ: A’ béal leanḃ agus naoiḋean ar cíoċaiḃ do ḃeaċtuiġis molaḋ?


Duḃairt Íosa leó: Nár léiġeaḃair riaṁ sa sgríḃinn: An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, isí atá ’n-a cloiċ cinn ċúinne: Isé an Tiġearna do ḋein é sin, agus is iongantaċ é i n-ár súiliḃ-ne.


Aċ, i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ, nár léiġeaḃair an rud aduḃairt Dia, mar a ndeir sé liḃ:


Agus nuair a ḃí trosgaḋ déanta aige ar feaḋ daċad lá agus daċad oiḋċe, ansan do ṫáinig ocras air.


Agus an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an scriptiúir seo, An ċloċ ná glacfaḋ na saoir, isí atá ’n-a cloiċ ċinn cúinne;


I dtaoḃ na marḃ, áṁṫaċ, go n-eireóċaid siad, nár léiġeaḃair i leaḃar Ṁaoise, conus mar aduḃairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ