Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a ṫaḃarfaid na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus a ṡéanfaid siad siḃ, agus ṫaḃarfaid siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair a ċuirfid siad ḃúr n-ainim amaċ ’n-a droċ-ainim, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Is beannuiġṫe a ḃéas siḃ, nuair a ḃéarfas na daoine fuaṫ díḃ, agus a ċuirfeas siad as a gcuideaċta siḃ, agus ḃéarfas siad tarcuisne díḃ, agus a ċaiṫfeas siad ḃur n-ainm uaṫa amaċ mar droċ-rud, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 As beannaiġṫe ḃeiṫí, an tráṫ ḟúaṫóċuid dáoine siḃ, agus ċuirfid siad as a gcuideaċda siḃ, agus imḋeargfuid siḃ, agus ċuirfid ḃur nainm amaċ mar olc, ar son Ṁic an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:22
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus béarfaid siad i láṫair ríġṫe agus uaċtarán siḃ mar ġeall orm-sa mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin agus dos na geintiḃ.


Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ duine ḋaoiḃ-se mar ġeall ar m’ainim-se; Aċ an t-é ṡeasóċaiḋ amaċ go deire isé a slánófar.


An t-é a ġeoḃaiḋ a anam féin caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam féin ar mo ṡon-sa, ġeoḃaiḋ sé é.


Agus ċaiṫeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus ṁarḃuiġeadar é. Cad a déanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leó san?


Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se.


Is aoiḃinn daoiḃ-se ar a ḃfuil an t-ocras anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃúr sáiṫ. Is aoiḃinn daoiḃ-se atá anois ag gol, óir gáirfiḋ siḃ.


Aċ sa n-am gcéadna do ċreid a lán de sna h-uaċtaráin féin ann; aċ níor adṁuiġeadar é, le h-eagla roimis na Fairisíniġ, sar a gcurfaí as na sinagógaiḃ iad.


Cuirfid siad amaċ as na sinagógaiḃ siḃ: seaḋ, agus tá an t-am ag teaċt nuair a ṁeasfaiḋ an t-é a ċuirfiḋ ċun ḃais siḃ go mbeiḋ onóir aige ’á ṫaḃairt do Ḋia.


Ṫugas-sa ḋóiḃ do ḃriaṫar-sa; agus do ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, óir ní de’n tsaoġal iad, fé mar náċ de’n tsaoġal mise.


Ní féidir do’n tsaoġal fuaṫ a ṫaḃairt daoiḃ-se; tá fuaṫ aige ḋóṁ-sa, áṁ, mar tá fiaḋnaise agam ’á ḋéanaṁ ’n-a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h-olc.


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: I bpeacaíḃ a geineaḋ tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do ṫeagasg? Agus do ċomáineadar amaċ é.


D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Anran d’árduíġdar a nglór agus duḃradar: Cuir as an saoġal a leiṫéid sin. Ní cóir é ḃeiṫ beó.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanaṁ toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an doṁain agus ’n-a ċeann ar an aicme annrianta san, na Nasarénaċ.


Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néiṫe móra atá le fulang aige ar son m’ainime.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ