Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Símón, ar ar ṫug sé Peadar, agus a ḋriṫáir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Síomon, a dtug sé Peadar mar ainm air, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, Séamus agus Eoin, Pilip agus Parṫolán,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a ḋearḃráṫair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parṫalán,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Simon, dár ġoir sé fós Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair, Séumas agus Eóin, Ṗilip agus Bartoloméus,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:14
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus sidiad ainimneaċa an dáréag aspol: Símón an ċéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a ḋriṫáir.


Séamus mac Sebedé, agus Eóin a ḋriṫáir, Pilib agus Parṫolán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánaċ, Séamus mac Alṗéis, agus Taddeus,


Agus ḃí Íosa ag siuḃal i n-aice mara Ġaililí, agus ċonaic sé beirt driṫár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋriṫáir, agus iad ag cur lín amaċ sa ḃfaraige (mar iasgairí ab eaḋ iad),


Agus ag imṫeaċt ó’n áit sin dó, do ċonaic sé beirt eile driṫár, Séamus mac Sebedé agus a ḋriṫáir Eóin, agus iad sa ḃád i dteannta a n-aṫar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad.


Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe tamall beag ó’n áit sin ċonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir agus iad ag socarú a líonta sa luing;


Agus ṫanadar láiṫreaċ amaċ as an sinagóig agus ċánadar go tiġ Ṡímóin agus Aindriais, i n-aonḟeaċt le Séamus agus le h-Eóin.


Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ-eaglaċ agus go dúḃaċ;


Agus ṫug sé Peadar mar ainim ar Ṡímón.


Agus níor leis sé d’aoinne dul leis aċ Peadar agus Séamus agus Eóin driṫáir Séamuis.


Agus ḃí a ċuid éadaiġ ag taiṫneaṁ ċóṁ geal le sneaċta, ar ċuma ná féadfaḋ aon úcaire ar talaṁ iad do ġealaḋ.


Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a ḃí i bpáirtiḋeaċt le Símón. Agus duḃairt Íosa le Símón: Na bíoḋ eagal ort. Is ag gaḃáil daoine a ḃeiḋ tú feasda.


Nuair a ċonaic Símón Peadar an níḋ sin do ċaiṫ sé é féin ag glúiniḃ Íosa, agus duḃairt: Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé.


Agus nuair a ṫáinig an lá do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil, agus do ṫoġ sé dáréag acu, agus ṫug sé Aspoil mar ainim orṫa san;


Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alṗéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés,


Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret.


Duḃairt Pilib leis: A Ṫiġearna, taisbeáin dúinn an t-Aṫair, agus is leór dúinn san.


Nuair a ḋ’árduiġ Íosa a ṡúile, agus nuair a ċonaic sé go raiḃ camṫa mór daoine tagaiṫe ċuige, duḃairt sé le Pilib: Cá gceannóċaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud?


Duḃairt duine ḋá ḋeisgiobuil leis, Aindrias, drioṫáir Ṡímóin Peadar:


Agus nuair a ṫánadar isteaċ ċuadar suas go dtí an seómra uaċtáraċ mar a raiḃ Peadar agus Eóin ag fanṁaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alṗéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Agus do ṁairḃ sé Séamus, driṫáir Eóin, le claiḋeaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ