Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Aċ tiocfaiḋ na laeṫanta nuair a béarfar uaṫa an céile, ansan déanfaid siad trosgaḋ ins na laeṫantaiḃ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Aċt tiocfaiḋ na laeṫe nuair a ṫógfar an fear nuaṗósta ar ṡiuḃal uaṫa, annsin ḋéanfaiḋ siad troscaḋ ins na laeṫe sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Aċt tiocfaiḋ na laeṫe; agus nuair béarfar uaṫa an fear nua‐ṗósta annsin déanfaid troscaḋ ins na laeṫiḃ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Aċd tiocfaid na láeṫe an tan ḃéurṫar an fear núa ṗósda úaṫa, ann sna láeṫiḃ sin do ḋéunuid síad trosgaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:35
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Íosa leó: An féidir do ċlainn an Ċéile ḃeiṫ duairc an ḟaid atá an Céile ’n-a ḃfoċair? Aċ tiocfaiḋ an t-am i n-a dtógfar uaṫa an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ.


Aċ tiocfaiḋ an lá i n-a dtógfar uaṫa an céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ ins na laeṫantaiḃ sin.


Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Tiocfaiḋ na laeṫanta ’n-a mbeiḋ dúil agaiḃ aon lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine a ḋ’ḟeisgint, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.


Agus duḃairt sé leó: An féidir daoiḃ teaġlaċ an ċéile do ċur ag déanaṁ trosgaiḋ agus an ċéile ’n-a ḃfoċair?


Agus duḃairt sé leó i soluíd: Ní ċuireann aoinne preabán, gearrṫa de ḃall éadaiġ a ḃeaḋ nua, mar ḋeisiú ar ṡeana-ḃall éadaiġ, mar do loitfeaḋ sé an t-éadaċ nua, agus an preabán a baineaḋ de’n éadaċ nua ní oirfeaḋ sé do’n tsean-éadaċ.


Bíd na boiċt i gcóṁnuiġe i nḃúr ḃfoċair agaiḃ, aċ ní ḃím-se agaiḃ i gcóṁnuiġe.


A ċlann ó, táim i nḃúr ḃfocair tamall beag fós. Beiḋ siḃ a’m lorg agus mar aduḃart leis na Iúdaiġ, An áit ’n-a ḃfuilim ag dul ní féidir daoiḃ-se teaċt ann; deirim liḃ-se anois é.


Do ġluaiseas amaċ ó’n Aṫair, agus do ṫánaġ ar an saoġal; táim ag fágáilt an tsaoġail airís, agus ag dul ag triall ar an Aṫair.


Agus nuair a ḃí an ċainnt sin ráiḋte aige do tógaḋ suas é os cómair a súl agus do ġlac sgamall as a raḋarc é.


Agus d’imṫiġeadar treasna na Pisidia agus ṫánadar go dtí Pamṗilia,


An t-é ’nar dual na flaṫais ’ġá ġlacaḋ go dtí teaċt na dtráṫ ’na gcurfar gaċ níḋ ’n-a rioċt féin airís, mar a laḃair Dia tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa ó ṫusaċ an tsaoġail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ