Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Aċ ó ḃí fios a smuínte ag Íosa d’ḟreagair sé iad agus duḃairt: Cad ċuige an maċtnaṁ so i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ó ḃi fios a smaointe ag Íosa, duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Cad é sin ar a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ i ḃur gcroiḋṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd ar naiṫne a smúaintiġe Díosa, do ḟreagair sé, agus a duḃairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintiġṫísi an ḃur gcroiḋṫiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:22
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ḃí a ḟios san ag Íosa, agus d’imṫiġ sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leiġis sé iad go léir.


Aċ do ċonaic Íosa a smuínte, agus duḃairt sé leó: Gaċ riġeaċt a ḃeiḋ deiġilte ’n-a ċoinniḃ féin déanfaiḋ fásaċ dé; agus gaċ caṫair, nó gaċ teiġleaċ, a ḃeiḋ deigilte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasóċaiḋ sé;


Agus ó ċonaic Íosa na smuínte a ḃí acu, duḃairt sé: Cad ċuige ḋaoiḃ na droċ-smuínte ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋṫiḃ agaiḃ?


Agus ḃí a ḟios san ag Íosa agus duḃairt sé leó: Cad é an pléiḋ seo agaiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ? Ná h-aiṫniġeann siḃ agus ná tuigeann siḃ fós? An ḃfuil ḃúr gcroiḋe dall fós? An ḃfuil súile agaiḃ agus ná feiceann siḃ?


Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an t-eagla ḃeiṫ oraiḃ, agus smuínte ḃeiṫ ag eiriġe i nḃúr gcroiḋe?


Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?


Cé’cu is usa a ráḋ, Maiṫtear do ṗeacaí ḋuit, nó a ráḋ, Eiriġ ad’ ṡeasaṁ agus siuḃluiġ?


Duḃairt Peadar, áṁṫaċ: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do ċroiḋe ċun bréige a ḋ’innsint do’n Spioraid Naoṁ agus cuid d’fiaċaiḃ an tailiṁ a ċeilt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ